Press "Enter" to skip to content
Teagmhálaí Baile agus Scoile

Teagmhálaí Baile agus Scoile

Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail

Teagmháil Pobail Baile agus Scoile – sin mórstraitéis phríomhshrutha choisctheach atá dírithe ar dhaltaí atá i mbaol nach mbainfidh siad amach a n-acmhainneacht sa chóras oideachais. Tarlaíonn sé sin go príomha mar gheall ar thréithe cúlra atá in ann tionchar diúltach a imirt ar oilteacht an dalta agus ar choinneáil scoile. Díríonn an scéim go díreach ar na daoine fásta suntasacha atá i saol oideachais na leanaí, agus freisin ar bhuntáistí díreacha a fháil do na leanaí féin.

Is é polasaí bunúsach na scéime ná comhpháirtíocht a chur chun cinn idir na tuismitheoirí agus na múinteoirí. An aidhm atá leis an gcomhpháirtíocht ná feabhas a chur ar fhoghlaim na ndaltaí agus a gcoinneáil sa chóras oideachais a chur chun cinn. Lena chois sin, cuireann an Scéim HSCL béim mhór ar chomhoibriú leis an bpobal áitiúil. Is í an scéim HSCL an ceannródaí do pháirtíocht na scoile i saol an phobail agus an pobal agus a ghníomhaireachtaí a bheith páirteach i saol na scoile.

Leabhrán Eolais HSCL 2018

Spriocanna na Scéime HSCL

  • Rannpháirtíocht na leanaí sa phróiseas foghlama a uasmhéadú, go háirithe iad sin atá i mbaol teipthe.
  • Comhoibriú gníomhach a chur chun cinn idir an baile, scoil agus na gníomhaireachtaí ábhartha pobail i gcur chun cinn leasa oideachasúla na leanaí.
  • Feasacht na dtuismitheoirí a ardú faoin gcumas atá acu féin feabhas a chur ar dhul chun cinn oideachasúil a leanaí agus cuidiú leo na scileanna ábhartha a fhorbairt.
  • Feabhas a chur ar iontógáil na leanaí ón oideachas, ar a gcoinneáil sa chóras oideachais, ar a leanúnachas san oideachas tar éis an oideachais éigeantaigh agus chuig an tríú leibhéal, agus ar a ndearcthaí ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
  • Na torthaí dearfacha ón scéim a leathadh ar fud an chórais scoile i gcoitinne.

Féach thíos sonraí teagmhála na foirne Teagmhála Baile agus Scoile:


John Joe Roche
Colaiste Gleann Li.
hscl@gleanli.ie
086 827 9230

Maria O’Keeffee
Coláiste Na Ríochta
hscl@colaistenariochta.ie
086 008 1433

Timmy Leahy
Scoil Chuimsitheach An Tóchar
hscl@causewaycs.ie
087 138 0699

Ciarán Gallagher
Coláiste Pobail Chill Airne agus Coláiste Pobail Chill Orglan
CGallagher@killarneycc.ie
086 046 0508

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar