Is i gCeannoifig BOO Chiarraí, sa Lárphointe i dTrá Lí, atá an Rannóg Corparáide agus Soláthair lonnaithe, Rannóg ina mbíonn feidhmeanna tábhachtacha oibriúcháin ag obair le chéile le rialachas, comhlíonadh agus cumarsáid éifeachtach a bhaint amach san eagraíocht ar fad.
Feidhmeanna Lárnacha na Rannóige
- Seirbhísí corparáideacha, cuir i gcás seirbhísí riaracháin do Bhord BOO Chiarraí agus do na Coistí de réir alt 45
- Soláthar agus Ceannach
- Cumarsáid (inmheánach agus seachtrach)
- Sláinte agus Sábháilteacht
- Cosaint sonraí, an RGCS, saoráil faisnéise agus nochtadh cosanta
- Comhordú an chláir Erasmus+
- Bainistiú árachais
Féachann an rannóg lena dheimhniú go mbíonn obair sna seirbhísí ag teacht le spriocanna straitéiseacha BOO Chiarraí agus ag tacú le scoileanna, ionaid agus páirtithe leasmhara bunaithe ar ghnóthaí éifeachtúla, cuíchóirithe, freagracha.