Press "Enter" to skip to content
Seirbhísí Óige – An obair a dhéanaimid

Seirbhísí Óige – An obair a dhéanaimid

Sainmhíniú ar Obair Ógra

San Acht um Obair Ógra, 2001, sainítear obair ógra mar:

Clár pleanáilte oideachais atá leagtha amach chun críche cuidiú le forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga agus feabhas a chur ar an bhforbairt sin trína rannpháirtíocht dheonach. Clár é seo a chuireann leis an oideachas agus oiliúint acadúil nó leis an ngairmoideachas agus gairmoiliúint foirmeálta atá faighte acu.

http://www.youth.ie/nyci/what-youth-work

Faoin Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, tá an fhreagracht curtha ar BOOnna chun:

“Tacú le seirbhísí obair don óige a chur ar fáil, a chomhordú, a riar agus a mheas ina limistéar feidhme agus faisnéis den chineál sin a chur ar fáil de réir mar a bheidh iarrtha ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le tacaíocht den chineál sin”

(An tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013, Alt 10 (1) (j))

Cuireann roinnt eagraíochta deonacha ógra Seirbhísí Oibre Ógra ar fáil thar cheann na mBOOnna.

Déan teagmháil leis an Oifigeach Óige, Seamus Whitty, BOO Chiarraí swhitty@kerryetb.ie nó 086 0409 025

Sa sainmhíniú a thugtar san Acht um Obair Ógra, 2001, deirtear go bhfuil obair ógra:

  • Oideachasúil agus roghnach, struchtúrtha agus córasach
  • Go ndéanann sé comhlánú ar an gcóras foirmiúil oideachais.

Go réalaíoch, in obair ógra áirítear obair ógra atá uilíoch agus sprioctha.

Buntáistí na hoibre ógra do dhaoine óga

Seacht meicníocht chumhachtacha: scileanna cumarsáide, muiní agus gníomhaireacht, pleanáil agus réiteach fadhbanna, caidrimh, cruthaitheacht agus samhlaíocht, éirim mhothálach.

Inniúlacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

Oifigeach Óige

Samplaí d’Fheidhmeanna Oibre Ógra BOO i mbun gnímh

Riarachán ar línte maoinithe agus tionscadail, m.sh.:

  • Tionscadail Speisialta chun Cuidiú le Daoine Óga Faoi Mhíbhuntáiste (Tionscadail SPY)
  • Ionaid Eolais don Óige
  • Scéim Deontais na gClubanna Óige Áitiúil
  • Tionscnamh Infhostaitheachta Óige / Cistiú Caipitil don Aos Óg (Cineál 1 & 2)

Cláir dearbhaithe cáilíochta:

An Creat um Chaighdeáin Náisiúnta Cháilíochta:

Do thionscadail a bhfuil foireann ar phá acu agus a fhaigheann maoiniú ón Aonad Gnóthaí Óige.

Caighdeáin Náisiúnta Cháilíochta do Ghrúpaí Óige faoi Cheannas Oibrithe Deonacha:

  • Tacú le feidhmiú caighdeán le grúpaí atá cleamhnaithe le heagraíochtaí náisiúnta

Obair fhorbarthach, mar shampla:

  • Tionscnaimh Mheabhairshláinte Óige
  • Ionchuimsiú a chur chun cinn in obair ógra
  • Comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do thionscnaimh agus tionscadail óige áitiúla.

An príomhfhoinse maoinithe & le tuairisciú chuige:

an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

Comhthéacs an pholasaí:

  • Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile
  • An Straitéis Náisiúnta Óige
  • Luach ar Airgead agus Athbhreithnithe Polasaí ar Chláir don Óige

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar