Press "Enter" to skip to content

Polasaí Uileghabhálach Cáilíochta an Institiúid

Réamhrá

Is éard atá i gceist leis an bhforbhreathnú gonta seo a leanas ná nuashonrú a chur ar fáil do QQI, ár bpáirtithe, foghlaimeoirí agus an pobal i gcoitinne faoi fhorbairtí cáilíochta Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) atá ábhartha dá aighneacht de pholasaithe agus nósanna imeachta QA.

Forbairtí a bhaineann leis an bhforbairt ar pholasaí agus nósanna imeachta QA

Bhí tionchar ag na gnéithe seo a leanas ar na polasaithe agus nósanna imeachta QA a chuir BOO Chiarraí chuig QQI:

  • Tá BOO Chiarraí ag forbairt polasaithe agus nósanna imeachta QA faoi réir an Phlean Feabhsúcháin Cáilíochta (QIP) a d’aontaigh sé le QQI.  Tríd an méid sin á dhéanamh, tá sé ag díriú ar réimsí tosaíochta na forbartha agus ar nósanna imeachta nua a thabhairt isteach do sholáthar iomlán BOO Chiarraí a bhaineann leas as an gcuid is fearr de na cleachtais cháilíochta reatha.
  • Tá a lán gníomhaíochta déanta ag BOO Chiarraí ina ionchur sna forbairtí náisiúnta ar phrintíseacht agus ar chomhoibriú earnála i dtaca le nósanna imeachta measúnaithe.
  • Tá dul chun cinn déanta ag BOO Chiarraí freisin maidir le haitheantas réamhfhoghlama, lena n-áirítear foghlaim ó thaithí roimh ré.
  • Tá dul chun cinn láidir déanta ag BOO Chiarraí agus anois tá na nósanna imeachta NUA seo a leanas aige:
    – Nósanna Imeachta QA don Chlár Náisiúnta Printíseachta Commis Chef
    – Nósanna imeachta QA do mheasúnú
    – Nósanna imeachta QA chun tabhairt faoi RPL

Rialachas

  • Tá nós imeachta rialachais agus téarmaí tagartha curtha ar fáil ag BOO Chiarraí dá Chomhairle Cáilíochta, don Bhord um Rialachas Clár agus don Bhord um Rialachas QA.
  • Tá sé beartaithe ag an gComhairle Cáilíochta a theacht le chéile ceithre huaire sa bhliain. Cuireann an Chomhairle Cáilíochta maoirseacht ar fáil do cháilíocht na gclár oideachais agus oiliúna go léir atá ag BOO Chiarraí.
  • Tá ballraíocht na Comhairle Cáilíochta deimhnithe agus áirithe ann, de bhreis ar Stiúrthóir FET, tá siad seo a leanas:
    a) Cathaoirleach seachtrach (Brendan Tuohy, iar-Ard-Rúnaí)
    b) Ionadaí tionscail (Cónaidhm Óstán na hÉireann)
    c) Ionadaíocht ó ionaid oideachais agus oiliúna BOO (múinteoir agus príomhoide ó PLC; teagascóir agus bainisteoir ionaid oiliúna; ionadaí ón gclár VTOS)
    d) Ball de Bhord an Chláir Commis Chef
  • Chuaigh an Bord um Rialachas Clár, a thuairiscíonn don Chomhairle Cáilíochta, i mbun oibre le gairid.
  • Faoi láthair, tá BOO Chiarraí ag measúnú cén bealach le hionadaíocht a thabhairt d’éagsúlacht a fhoghlaimeoirí ina rialachas ballraíochta agus beidh sé i dteagmháil leis an earnáil BOO i dtaca leis an mbealach chun é sin a dhéanamh.
  • Aithníonn BOO Chiarraí go gcaithfidh sé cur lena acmhainneacht in imeacht ama chun a chóras rialachais a fheidhmiú agus díriú ar chumarsáid le comhghleacaithe ar fud an BOO i dtaca le rialachas agus le soláthar cruinnithe faisnéise agus oiliúna nuair a bheidh sé sin cuiditheach.

Straitéis

  • Tá Bord BOO Chiarraí tar éis glacadh le straitéis an BOO don tréimhse 2018-2022.
  • Thug na spriocanna atá leagtha amach sa straitéis treoir dár bpolasaí QA, atá curtha isteach freisin.

Ról an Aonaid QA

Tá Aonad Dearbhaithe Cáilíochta bunaithe ag BOO Chiarraí. Is é an ról a bheidh ag an Aonad Dearbhaithe Cáilíochta ná feidhmiú mar theagmhálaí idir bhainistíocht/fhoireann BOO Chiarraí agus a struchtúr rialachais, agus nasc a chur ar fáil idir torthaí an rialachais ag an leibhéal lárionaid agus rialú an BOO.  Lena chois sin, beidh an t-aonad ag baint úsáide as na sonraí cuimsitheacha clár atá ar fáil anois tríd an gcóras PLSS. Tuairiscíonn an tAonad QA go díreach don Stiúrthóir FET. Seo é an chéad phointe teagmhála d’fhorais cháiliúcháin agus scaipeann sé an t-eolas a fhaightear ó fhorais cháiliúcháin ar aonaid agus lárionaid rialachais BOO Chiarraí. Caithfidh gach cumarsáid idir BOO Chiarraí agus na forais cháiliúcháin a theacht tríd an Aonad QA.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar