Press "Enter" to skip to content
Oifig na Gaeilge

Oifig na Gaeilge

An Ghaeilge i mBord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí tiomanta do sheirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá an t-ádh linn go bhfuil dhá cheantar Gaeltachta againn i gCo. Chiarraí – Uíbh Ráthach agus Corca Dhuibhne – agus tuigeann BOO Chiarraí an tábhacht a bhaineann le freastal ceart a dhéanamh ar na Gaeltachtaí ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge iontu agus leathnú a dhéanamh ar na diméin teanga inar féidir le cainteoirí Gaeilge a bheith ag feidhmiú. Bímid ag comhoibriú leis na heagraíochtaí eile atá ag obair sa Ghaeltacht chun é sin a dhéanamh ó leibhéal na réamhscolaíochta go dtí réimse an bhreisoideachais.

Tá Oifigeach Gaeilge páirtaimseartha lonnaithe in oifig sa Daingean i gCiarraí Thiar a thugann tacaíocht dúinn ó thaobh comhfhreagras, ár Scéim Teanga, deiseanna oiliúna don fhoireann agus tograí teangalárnaithe a chur ar bun agus a thabhairt chun críche. Tá baile Thrá Lí ainmnithe le déanaí mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus is é BOO Chiarraí an cheanneagraíocht atá ceaptha chun an Plean Teanga don bhaile a chur i dtoll a chéile, togra a bhfuilimid ag tabhairt faoi go fonnmhar. Má tá aon cheist agat maidir leis an nGaeilge i mBOO Chiarraí ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh le:-

Oifigeach Gaeilge
Ionad Breisoideachais agus Oiliúna an Daingin
Tigh na Ríseach
Sráid na nGabhar
An Daingean

066 401 8090

oifigeachgaeilge@kerryetb.ie

Acht na dTeangacha Oifigiúla

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar