Press "Enter" to skip to content

Scoileanna Náisiúnta Phobal Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

Fáilte go dtí na Scoileanna Náisiúnta Phobal Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) : Áit a thagann Oideachas, Paisean, Éagsúlacht agus Barr feabhais le cheile!

Cuireann Scoileanna Náisiúnta Phobal BOO Chiarraí eispéiras iontach oideachas ar fáil do pháistí. Tá ár cur chuige bunaithe ar luachanna a thacaíonn tréithe uathúil, láidreachtaí agus paisin gach dalta. Is iad barr feabhais san oideachas, meas, cúram, comhionannas agus pobal iad luachanna BOO Chiarraí.

Tá na hamanna ag athrú, agus tá na roghanna oideachasúla atá ar fáil do thuismitheoirí ag athrú freisin. Tugann ár Scoileanna Náisiúnta Phobal an rogha agus na deiseanna do thuismitheoirí teacht ar an Conair oideachais is fearr dá bpáistí. Tá fhios againn nach bhfuil aon toise amháin a oireann do chách i dtaobh an oideachais agus gur daoine uathúla iad gach leanbh.

Mar aon le gach bunscoil in Éirinn, leanann Scoileanna Náisiúnta Phobal curaclam bunscoile  an Roinn Oideachais. Chomh maith le sin, tugann ár éiteas il-sainchreidmheach isteach curaclam il-chreidiúnt agus luachanna Ar Mhaithe Liomsa, Ar Mhaithe Leatsa (MLML).  Tá an clár deartha chun fealsúnacht do indibhidiúlacht agus féinléiriú an leanbh a chothú.

Is áit macnamhach é Ar Mhaithe Liomsa, Ar Mhaithe Leatsa, a thugann spás do pháistí bua na cainte, éisteacht gníomhach agus an tabhacht le tuiscint a bheith acu ar dearcthaí éagsúil a fhoglaim. Faigheann na páistí scileannna sárluachmhara agus uathúla éisteachta agus tuiscine agus chun pobal ina a bhfuil meas acu ar gach cineál cúlra agus creideamh a chothú.

Tuigimid ag BOO Chiarraí go bhfuil dúshláin faoi leith oideachasúla ag teaghlaigh. Taistealaíonn roinnt dár ndaltaí níos mó ná 30 km go dtí an scoil. Cuirtear bus scoile ar fáil nuair is féidir, agus más SNP rogha an tuismitheora, ní chuireann scoileanna náisiúnta eile sa cheantar isteach ar teacht ar an mbealach iompair.

Is scoileanna ionchuimsitheach, comhoideachasúil agus il-sainchreidimheach iad Scoileanna Náisiúnta Phobal, agus cinntíonn siad go bhfuil teacht ag páistí ar an oideachas a b’fhearr leo, in aineoinn dá áit cónaithe. Táimid tiomnaithe chun oideachas a chur ar fáil do chách.

Ceiliúrann ár Scoileanna Náisiúnta Phobal réimse leathan cultúir, creidimh agus traidisiúin. Táimid tiomnaithe chun oideachas ionchuimsitheach, éagsúla, dírithe ar barr feabhais a chur ar fáil, a chumasaíonn intinne óige agus a cheiliúrann indibhidiúlacht. Tosnaíonn aistear do leanbh anseo, áit a thagann paisean agus éagsúlacht le cheile, agus a chothaítear cumais uathúil gach páiste.

Léiritear réimse leathan traidisiúin difrúla dár gcuid daltaí, ag leathnú a gcuid eolais, agus ag múineadh dóibh agus a dteaghlaigh faoi chultúir nua. Táimid bródúil as a bheith in ann timpeallacht a chruthú a saibhríonn saol ár ndaltaí, trí réimse leathan cultúir agus traidisiúin a léiriú dóibh agus tuiscint, comhbhá agus dearcadh oscailte a chothú.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar