Press "Enter" to skip to content

Cairt Custaiméirí

Mar eagraíocht earnála poiblí, caitheann BOO Chiarraí dúthracht chun seirbhís ghairmiúil, éifeachtach, fhreagrúil a chur ar fáil dár gcuid custaiméirí go léir. Caithimid lenár gcustaiméirí go hómósach agus déanaimid gach iarracht a chinntiú go bhfreastalaíonn ár gcuid seirbhísí ar do riachtanais agus go bhfuil siad chomh maith agus a cheapann tú gur cheart dóibh a bheith.

Is é is cuspóir leis an gcairt custaiméirí seo ná na caighdeáin seirbhíse a leagan amach ar féidir leat a bheith ag súil leo agus tú ag plé lenár n-eagraíocht. Forbraíodh an chairt i gcomhréir le timthriall leanúnach ceithre chéim1 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (RCPA)

Seirbhís do Chustaiméirí

Conas is féidir le d’ionchur cabhrú le feabhas a chur ar ár seirbhísí

Aiseolas ó Chustaiméirí

Caitheann BOO Chiarraí dúthracht dár seirbhísí a fheabhsú. Baint úsáid as ár ‘bhFoirm Aiseolais ó Chustaiméirí’ dá mba mhaith leat bealaí a mholadh ina bhféadfaimis ár seirbhísí a fheabhsú. Is féidir an fhoirm sin a fháil ar ár suíomh gréasáin anseo.

Gearáin ó Chustaiméirí

Más rud é go bhfuil tú míshásta leis an tseirbhís a fuair tú agus nach féidir an fhadhb a réiteach chun do shástachta leis an mball foirne nó leis an rannóg lena bhfuil tú i dteagmháil, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh. Is féidir an fhoirm sin a fháil ar ár suíomh gréasáin anseo.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar