Press "Enter" to skip to content

Faisnéis phoiblí a sholáthar agus a úsáid

Tá ceanglas ar BOO Chiarraí (faoin Acht 2012) a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a fhoilsíonn sé soiléir, oibiachtúil, cruinn agus inrochtaine.  Táimid ag déanamh dul chun cinn ar obair a bhaineann le mar a chuirimid faisnéis ar fáil don phobal i ndáil leis na Cláir agus Seirbhísí FET atá againn agus tá ár dtiomantas seo a dhéanamh curtha in iúl inár Ráiteas Straitéise.

Faisnéis Foghlaimeora

Lámhleabhar Foghlaimeora foilsithe ag BOO Chiarraí do na foghlaimeoirí ar fad atá cláraithe ar Chúrsaí FET BOO Chiarraí.  Cuireann an lámhleabhar faisnéis ar fáil maidir le BOO Chiarraí, noda áisiúla i ndáil le foghlaim, mar a ullmhaíonn tú do mheasúnú agus cáilíochtaí a bhaint amach.

Tá faisnéis do phobal ar fáil ar ár Láithreán  Gréasáin agus ar Mhol Náisiúnta Chúrsaí FET maidir le cúrsaí agus seirbhísí FET ar fad; ag teacht le treoir ar fhaisnéis foghlaimeora a chur ar fáil mar atá leagtha amach i Treoirlínte Reachtúla Croíláir QQI (cuid 9.2).

Foilsíonn BOO Chiarraí réamheolaí amháin  ag cur faisnéise ar fáil maidir le cúrsaí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil ar fud trí champas an choláiste – Campas Lios Tuathail, Campas Shráid Deiní, Campas na Claise agus Campas Mhóin an Bhaile.  Cuireann  Oifig Iontrála  Choláiste Chiarraí faisnéis agus cuidiú ar fáil maidir le deiseanna breisoideachais agus oiliúna i dtrí champas an choláiste.  Is príomhphointe rochtana an Oifig Iontrála don phobal, cuireann an oifig eolas ar chúrsaí, ar an bpróiseas iarratais agus ar thacaíochtaí ioncaim ar fáil.

Seirbhís Treorach d’Aosaigh BOO Chiarraí  (KAGIS) ar fáil do gach duine atá os cionn 18 agus do dhaoine os cionn 16 nach bhfuil ag freastal ar oideachas lánaimseartha.  Cuidíonn an tseirbhís le daoine deiseanna oideachais agus oiliúna a fhiosrú – ag tabhairt treoir, eolas agus cuidiú duine ar dhuine maidir le hiarratais.  Cuirtear eolas faoi chúrsaí áitiúla agus náisiúnta ar fáil chomh maith tríd an Sheirbhís Faisnéise KAGIS .

Tuairiscí meastóireachta um dhearbhú cáilíochta a fhoilsiú.

Foilsíon BOO Chiarraí tuairiscí ar a meastóireacht cáilíochta agus pleananna feabhsúcháin cáilíochta.

Tuairisc 2017 maidir lenár Féinmheastóireacht ag Leibhéal Feidhmeannaigh: Ag cur faisnéise ar fáil don phobal i ndáil le leibhéil éifeachtúlachta maidir le dearbhú cáilíochta a thuairisciú agus aithníodh 5 phríomhréimse le haghaidh forbartha agus feabhsúcháin:

Plean Feabhsúcháin Cáilíochta (QIP) 2018 maidir leis an tréimhse 2018-2022: Faisnéis a chur ar fáil faoi mar a dhéanfaí na gníomhaíochtaí atá beartaithe againn a leanas a fhorbairt agus a fheabhsú

  1. Rialachas & Bainistiú Cáilíochta ar fud sholáthar Breisoideachais agus Oiliúna.
  2. Cláir agus seirbhísí Breisoideachais agus oiliúna a Sholáthar.
  3. Eispéireas an Fhoghlaimeora
  4. Bainistiú Faisnéise & Sonraí
  5. Caidrimh le Páirtithe Eile atá Páirteach in Oideachas & Oiliúint

Dul chun cinn déanta maidir le dearbhú cáilíochta 2019  agus ár bpleananna maidir le feabhsúchán cáilíochta 2019 .

(cuir hipearnaisc chuig Plean Feabhsaithe Cáilíochta BOO Chiarraí – Dul Chun Cinn a Thuairisciú agus Pleanáil 2020 anseo)

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar