Press "Enter" to skip to content

Ar Mhaithe Liomsa, Ar Mhaithe Leatsa! – Ag Cothú Intinne agus Croíthe na n-Óg

Tá an t-ádh dhearg orainn an chlár Ar Mhaithe Liomsa, Ar Mhaithe Leatsa (MLML) a mhiniú duit. Múintear an clár MLML i Scoileanna Náisiúnta Phobal Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí taobh leis an Curclam Náisiúnta Bunscoile.

MLML: Forbairt Iomlánaíocht a chur ar cumas

Tá MLML tiomnaithe le saoránaigh stuama a chothú, a bhfuil ráth orthú go háitiúil agus ar fud an domhain. Cuireann an clár seo béim láidir ar samhlaíocht a spreagadh agus smaointeoireacht chriticiúil agus ard-mheas ar an réimse leathan creidiúintí agus luachanna a castar orthu a chothú. Ullmhaíonn MLML do pháiste leis na scileanna agus meoin atá ag teastáil chun fás aníos le cineáltas agus meas do chách.

Déanann MLML gach iarracht pobal foghlamtha a cruthú, bunaithe ar meas agus uileghabhálacht a chruthú, áit a bhfuil creidiúntí agus luachanna do pháiste aitheannta agus ceiliúrtha. Creidimid go bhfuil an comhoibriú idir tuismitheoirí agus an scoil ríthabhachtach chun timpeallacht foghlamtha saibhir agus oiliúnach a chruthú.

Cuireann an clár MLML béim lárnach ar caidreamh gníomhaíochta phobail a chothú i measc na bpáistí. Spreagaimid na daltaí le bheith páirteach ina bpobal áitiúla, chun nascanna fiúntacha lena dtimpeallacht a chruthú. Tá an caidreamh siombóiseach seo idir an scoil agus an pobal ríthábhachtach le haghaidh oideachas do pháiste. Ní hamháin go saibhríonn sé a n-eispéiras foghlamtha ach tugtar meon chómhuintearais agus freagracht sóisialta dóibh a leathnaíonn an seomra ranga.

Tá céithre bhun-aidhmeanna ag MLML, atá deartha chun forbairt pearsanta agus sóisialta do leanbh a chothú. Déanann an clár iarracht forbairt féinaitheantas muiníneach agus dearfach do leanbh a chur chun cinn, tuiscint a bheith acu ar a chuid croíluachanna, folláine siceolaíochta agus mothúchánach a chothú agus meas don réimse mór creidiúintí ina shaol agus saol daoine eile a spreagadh. Leis na haidhmeanna seo, déanann MLML iarracht do leanbh a mhúscailt chun a bhealach féin a dhéanamh tríd an tsaoil le comhbhá, féinmhuinín agus buíochas acu as saibhreas eagsúlacht daonna.

Is clár úathúil é MLML, a léirítear ina spiorad il-sainchreidimheach agus ionchuimsitheach. Déanann sé gach iarracht tuiscint níos doimhne ar féiniúlacht agus muintearas an leanbh sa domhain mhór a éascú.

Seo forléargas do chomhpháirteanna an curclam:

Mo Scéalta: Cruthaíonn an snáth seo mothúcháin láidir ionannais agus muintearais. Tá béim curtha ar luach agus sábháilteacht na bpáistí, mar bhuntús dá n-aistear foghlamtha. Féinriar agus féinfhollasú atá i gcroílár an chuid seo.

Is Scoil Náisiúnta Phobail sinn: Cabhraíonn an snáth seo le páistí chun tuiscint a bheith acu ar a gcuid luachanna, agus chun coincheap ar nós comhionannas, féinaitheantas, saoránacht, daonlathas, cóir, agus cearta daonna chun saoránaí gníomhach le féinmheas dearfach a chruthú.

Am Smaointeoireachta: Is é aidhm an snáth seo ná smaointeoireacht chriticiúl agus scileanna mothúchánach a fhorbairt. Déanann SNPanna iarracht an tuiscint atá ag daltaí ar a gcuid smaointe féin agus smaointe daoine eile a éascú. Cabhraíonn siceolaíocht leo chun macnamh a dhéanamh faoina háiteanna sa phobal, sna sochaí agus ar an domhain mhór chomh maith le smaoineamh faoina gcuid folláine agus folláine na daoine timpeall orthu.

Creidiúntí agus Creidimh: Tá cuir chuige il-sainchreidmheach ag MLML i dtaobh oideachas reiligiúnach, ag cur béim ar comhréiteach idircreidiúnt agus meas do chách. Ní chuireann sé aon creidiúnt faoi leith chun cinn, ach spreagann sé na daltaí chun tuiscint agus meas a bheith acu do chruinnshamhail éagsúla.

Ní hamháin go clár oideachasúil é MLML, is gealltanas é do fhorbairt iomlánaíoch do leanbh. Ní hé le múineadh amháin a bhaineann MLML, ach le chothú intinne agus croíthe na n-óg, le luachanna agus braistint phobal, meas agus tuiscint á chur chun chinn.

Nuair atá do leanbh mar chuid don MLML, ní hamháin go bhfuil oideachas á fháilt acu ach tá siad ag forbairt mar ball do sochaí atá cionsiasach agus atruach.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar