Press "Enter" to skip to content

Bainistiú Faisnéise

Baineann BOO Chiarraí úsáid as córas bhainistíochta faisnéise ar a dtugtar Córas Tacaíochta Clár agus Foghlaimeora (PLSS). Tionscnamh náisiúnta de chuid SOLAS/ETBI is ea PLSS agus déanann SOLAS óstáil ar na sonraí. Úsáidtear PLSS chun bainistiú a dhéanamh ar eolas cúrsaí, taifid níos éifeachtaí agus tuairisciú – ag cur príomhshonraí ar fáil i dtaca le aschuir agus torthaí chúrsaí FET. Cuireann PLSS comhroinnt, bailiú agus úsáid chóras sonraí ar fáil trí cheithre thairseach:

  1. An Bunachar Náisiúnta Sonraí Clár (NDP) – stór de chláir FET atáthar a sheachadadh go náisiúnta
  2. Féilire Náisiúnta Cúrsaí (NCC) – sceideal de na cláir. Aistrítear na sonraí atá san NCC chuig suíomh gréasáin an Mhoil Acmhainní Breisoideachais (FETCH) ag fetchcourses.ie  – rud a cheadaíonn d’iarratasóirí cuardach, féachaint agus iarratas a dhéanamh ar chúrsaí ar líne
  3. Bunachar Sonraí Foghlaimeora – Aistrítear na sonraí ó fheidhmchláir FETCH ar líne chuig an mBunachar Sonraí Foghlaimeora. Cruthaíonn na sonraí breise a chuirtear isteach ag leibhéal BOO d’fhoghlaimeoirí cláraithe, taifead daingean foghlaimeoirí
  4. Tá máistir-láithreáin agus foláithreán Moodle socraithe suas ag BOO Chiarraí don Chlár Printíseachta Commis Chef Nua chun cuidiú le BOO Chiarraí mar an soláthróir Comhordaithe agus le soláthraithe i gcomhar chun taifid na gcúrsaí a bhainistiú.
  5. Córas na nIarratas agus Tuairiscithe Leithdháilte Maoinithe (FARR) – Ciallaíonn an feidhmiú céimneach a dhéanann BOO Chiarraí ar PLSS go bpleanálann na lárionaid cúrsaí go bliantúil i gcóras nasctha ar a dtugtar FARR. Déantar sonraí as an mBunachar NCC agus Foghlaimeora araon a aistriú chuig Córas na nIarratas agus Tuairiscithe Leithdháilte Maoinithe (FARR) agus úsáidtear iad i dtuarascálacha SOLAS.

Cuirfidh aonfhoirmeacht den sórt sin maoirseacht ar fáil don soláthar reatha agus do sholáthar atá beartaithe araon. Ó Eanáir 2018, tá gach cúrsa FET de chuid BOO Chiarraí sceidealaithe san NCC. Lena chois sin, tá an Bunachar Sonraí Foghlaimeora (a bhainistíonn atreorúcháin iarratasóirí agus clárúcháin foghlaimeoirí, agus a dhéanann taifead ar shonraí faoi rátaí coinneála, críochnaithe, creidiúnaithe agus dul chun cinn) ag feidhmiú ar fud na seirbhíse.

Tá a Pholasaí Cosanta Sonraí foilsithe ag BOO Chiarraí. Déanann an sceideal gaolmhar do choinneáil taifead sainiú ar an tréimhse ama do chothabháil agus coinneáil taifead agus an bealach a bhfuil siad le cartlannú agus le diúscairt. Tá Oifigeach um Chosaint Sonraí agus Shaoráil Faisnéise ceaptha ag BOO Chiarraí chun na próisis sin a bhainistiú.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar