Press "Enter" to skip to content
Tacaíocht, Folláine agus Glór an Dalta

Tacaíocht, Folláine agus Glór an Dalta

Réamhrá Scileanna Saoil Chiarraí

Tionscadal uile-chontae is ea Scileanna Saoil Chiarraí atá suite in BOO Chiarraí agus a thacaíonn le folláine na ndaoine óga i gCiarraí trí oibriú i gcomhpháirtíocht le scoileanna, teaghlaigh, pobail agus gníomhaireachtaí eile. Tá obair Scileanna Saoil Chiarraí dírithe ar thacaíocht a thabhairt don Phróiseas Cothaithe Folláine sna scoileanna. Déanann Scileanna Saoil Chiarraí é sin trí chothú acmhainne sna scoileanna agus feabhas a chur ar na struchtúir reatha leis an bpríomh-aidhm go dtabharfaí an chumhacht do phobail na scoileanna roghanna a dhéanamh a thacóidh le folláine gach duine. Baintear amach é sin trí oibriú, ar aon dul le leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, ar leanúntas de thacaíocht: tacaíocht do chách, tacaíocht do roinnt daoine agus tacaíocht do chorrdhuine.

Continuum of Support

Tacaíocht do chách – Tógáil Acmhainne

Tacaíonn Scileanna Saoil Chiarraí le cur chun cinn na folláine i scoileanna trí dhul i gcomhairle le pobail scoileanna ar fud na gceithre réimse seo a leanas:

  • cultúr agus timpeallacht
  • curaclam (teagasc agus foghlaim)
  • polasaí agus pleanáil
  • caidrimh agus comhpháirtíochtaí

Faoi láthair, táthar i mbun forbartha ar chlár do chomhordú agus tógáil acmhainneachta ar aon dul leis na Treoirlínte Folláine don tSraith Shóisearach (ROS, NCCA, 2017). Tá sé mar aidhm ag an gclár sin tógáil ar na láidreachtaí atá léirithe i scoileanna ar fud Chiarraí, agus tacaíocht a thabhairt freisin do scoileanna trí mhachnamh agus féinmheasúnú chun réimsí fáis a aithint.

Tacaíocht do chách – Cláir Uilíocha Folláine

Tá cláir uilíocha iar-bhunscoile Scileanna Saoil Chiarraí deartha chun tacaíocht a thabhairt do chur chun cinn na hoibre folláine pleanáilte agus cuimsitheach sna scoileanna gach lá. Tá clár Scileanna Saoil Chiarraí ar aon dul leis an treoraíocht dhea-chleachtais atá imlínithe i gCiorclán Uimh. 0043/2018 de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.

Ar chuid den dea-chleachtas atá léirithe ag Scileanna Saoil Chiarraí tá:

  • Cuid de chur chuige iomlán na scoile atá sna cláir, déileálann siad le riachtanas aitheanta agus cuirtear ar fáil do ghrúpaí ranga iad i gcomhar le foireann na scoile agus comhpháirteachas cuí na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí.
  • Cuireann cláir Scileanna Saoil Chiarraí feabhas ar thosca cosanta a chuidíonn leis na daltaí torthaí dearfacha a bhaint amach nuair a théann an saol ina n-aghaidh, nithe mar: caidrimh thacúla a éascú idir an duine fásta agus an dalta, scileanna saoil a neartú, cuidiú leis na daltaí misneach a bheith acu as a gcumas chun an ceann is fearr a fháil ar an anró agus cothú a dhéanamh ar mhothú máistreachta ar chúinsí an tsaoil.
  • Baineann na cláir úsáid as próiseas feidhmithe, mar shampla, anailísí riachtanas a chorprú, úsáid a bhaint as cláir atá treoraithe ag fianaise, agus rianadh agus measúnú a dhéanamh ar na torthaí a bhaineann na daltaí
  • Déantar cláir Scileanna Saoil Chiarraí a chur i bhfeidhm agus a úsáid sa scoil ar bhealach leanúnach thar roinnt blianta.
  • Cuirtear na cláir ar fáil go hidirghníomhach agus coinníonn siad glór an dalta ag croílár sheachadadh na gclár.
  • Déanann na daltaí agus na múinteoirí measúnú ar na cláir i dtaca lena n-ábhar, na teachtaireachtaí a thugtar, an mhodheolaíocht agus an toradh foghlamtha atá beartaithe.
  • Oibríonn Scileanna Saoil Chiarraí le pobail na scoileanna, lena n-áirítear tuismitheoirí agus baill foirne, chun cabhair a thabhair in aithint agus i bhforbairt na dtosca cosanta a chuireann feabhas ar fholláine na ndaoine óga. Tá sé mar aidhm ag an obair sin tacaíocht a thabhairt agus tógáil ar na comhpháirtíochtaí reatha idir na scoileanna agus na teaghlaigh, comhpháirtíocht atá riachtanach i bhfolláine na ndaoine óga.

Déantar an tacaíocht do chách a thugann Scileanna Saoil Chiarraí taobh istigh de chomhthéacs na gcáipéisí polasaí seo a leanas:

  • Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais 2018-2023 (ROS, 2018)
  • Treoirlínte Folláine don tSraith Shóisearach (NCCA, 2017)
  • An Creat don tSraith Shóisearach (ROS, 2015)
  • Straitéis Náisiúnta na Leanaí Ár leanaí, a saol úd. (An Roinn Oideachais agus an Roinn Sláinte, 2000)
  • Éire Sláintiúil: Creat do shláinte agus folláine feabhsaithe. 2013-2025. (An Roinn Sláinte, 2013).
  • Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile: an Polasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga 2014-2020. (An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige).
  • Creat d’Fhorbairt Scoile Cothaithe Sláinte, Folláine in Iar-bhunscoileanna Treoirlínte do Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte agus do Chosc an Fhéinmharú (NEPS, 2013)

Má tá suim agat tuilleadh léitheoireachta a dhéanamh faoi ról ghlór an dalta agus bailíocht shóisialta oibre Scileanna Saoil Chiarraí Comhairle na nÓg.

Tacaíocht do Chuid agus don Bheagán – Foirne Tacaíochta Daltaí

Tá Foireann Tacaíochta Daltaí i ngach scoil i gCiarraí agus freagracht orthu as cúram agus tacaíocht a thabhairt do gach dalta, go háirithe na daltaí atá soghonta agus breis tacaíochta ag teastáil uathu chun a bheith páirteach go hiomlán sa scoil. Tá Scileanna Saoil Chiarraí, faoi rialachas BOO Chiarraí, i gceannas ar chlár comhoibríoch idir-ghníomhaireachta tacaíochta chun tacaíocht a thabhairt do na foirne sin ar fud na scoileanna go léir i gCiarraí. Tá forbairt déanta go comhoibríoch ar an tsamhail oiliúna agus tacaíochta ag na gníomhaireachtaí seo a leanas: NEPS, CAMHS, NCSE JIGSAW, SWC, KACS agus Cosc an Fhéinmharú an FSS agus Scileanna Saoil Chiarraí ag cur an phríomhróil chomhordaithe ar fáil.

Tá forbairt déanta ar an tsamhail sin taobh istigh de chomhthéacs an pholasaí náisiúnta, tá sé ar aon dul leis an gclár píolótach atá á fhorbairt ag NEPS go náisiúnta agus ba chóir é a thuiscint trí thagairt a dhéanamh do na cáipéisí polasaí seo a leanas:

  • Éire Shláintiúil – Creat do Shláinte agus d’Fholláine Feabhsaithe 2013-2025
  • Fís don Athrú – Tuarascáil an tSainghrúpa ar an mBeartas Meabhairshláinte 2006
  • Connecting for Life – Straitéis Náisiúnta na hÉireann um Fhéinmharú a Chosc 2015-2020
  • Treoirlínte do Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte agus do Chosc an Fhéinmharú. NEPS 2013
  • Foirne Tacaíochta Daltaí i Scoileanna Iar-bhunoideachais, NEPS

De bhreis air sin, tá eolas faighte don phróiseas forbartha agus don tsamhail féin ón gcomhairliúchán forleathan a rinneadh le príomhoidí, múinteoirí agus páirtithe leasmhara na scoileanna. Tá sé bunaithe ar obair a rinneadh roimh ré i dtaca le folláine agus cosc ar fhéinmharú i measc na ndaltaí, lena n-áirítear:

  • Samhail Foirne Tacaíochta Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir
  • Tionscadal Píolótach Meabhairshláinte & Folláine Scoileanna Chill Áirne 2016
  • Samhail Foirne Tacaíochta, Coláiste Naomh Labhráis, Baile Uí Lachnáin, Baile Átha Cliath.

Réasúnaíocht agus Ábhar Oiliúna

Déanann an graf seo a leanas imlíniú ginearálta ar ról na bhFoirne Tacaíochta Daltaí sna scoileanna, ar aidhmeanna foriomlána an chláir oiliúna agus ar na torthaí a bhfuil súil leo.

Ról na bhFoirne Tacaíochta Daltaí

  • Comhordú a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ar fáil
  • Cuidiú le hidirghabhálacha luatha agus éifeachtacha
  • Cur le folláine phobal na scoile ina iomláine
  • Éascú a dhéanamh ar naisc éifeachtacha le gníomhaireachtaí seachtracha
  • Cinntiú go bhfuil an fhoireann ar fad ar an eolas faoi na polasaithe agus nósanna imeachta

Aidhm – Tacú le scoileanna chun foirne éifeachtacha daltaí a chinntiú

  • Oiliúint ionduchtúcháin d’fhoirne
  • Ról agus feidhm na bhfoirne a fhiosrú
  • Naisc éifeachtacha le gníomhaireachtaí seachtracha
  • Córais éifeachtúla a fhorbairt ar na foirne scoile go léir, bailiú sonraí agus cumarsáid san áireamh
  • Dea-chleachtas a thabhairt isteach i bhféinchúram agus sa chreat maoirseachta
  • Tacaíocht leanúnach a thabhairt do na foirne ar feadh na bliana, bunaithe ar riachtanais.

Torthaí a bhfuiltear ag Súil Leo

  • Tacaíocht éifeachtach a bheith ar fáil ag na daltaí go léir
  • Comhoibriú feabhsaithe leis na seirbhísí agus laghdú ar atreorúcháin mhíchuí
  • Na foirne ag oibriú go coisctheach agus go freagrúil
  • Breis acmhainneachta ar fud phobal na scoile
  • Dea-chleachtas comhroinnte
  • Tionchar ar fholláine chorrdhuine, roinnt daoine agus gach duine
  • Tacaíocht tugtha d’fholláine na múinteoirí agus dea-chleachtas cothaithe

Cuirtear an oiliúint ar fáil thar thrí lá agus an t-éascú roinnte i measc na ngníomhaireachtaí comhpháirtíochta a bhíonn páirteach. Ceadaíonn sé sin saineolas a chomhroinnt agus forbairt fhónta a dhéanamh ar chaidrimh. Ainmníonn na scoileanna beirt/triúr de phríomhbhaill a bhfoireann chun páirt a ghlacadh san oiliúint go bliantúil. Ciallaíonn sé sin go mbeidh foireann iomlán scoile oilte in imeacht ama i gcur chuige leanúnach agus go bhforbrófar na caidrimh is gá leis na gníomhaireachtaí ábhartha seachtracha.

Gníomhaireachtaí Éascaithe: BOO Chiarraí, NEPS, CAMHS, NCSE, TUSLA, SWC, KACS, JIGSAW agus Cosc an Fhéinmharaithe an FSS.

Freagra ar an tSamhail Thacaíochta SST

I rith an phróisis oiliúna, tá páirt glactha ag na rannpháirtithe i measúnú meastóireachta faoin mbealach a fhreastalaíonn an tsamhail ar a riachtanais, agus faoi cháilíocht an ábhair agus an tseachadta araon.

Is fiú a thabhairt ar aird gurb í an fhianaise scéaltach atá tagtha ó na scoileanna atá páirteach san oiliúint go bhfuil tionchar feicthe acu cheana féin ón oiliúint ina scoileanna. Le linn comhairliúchán fócasghrúpaí, rinneadh na pointí sonracha seo a leanas:

  • Feabhas tagtha ar chumarsáidí agus ar an gcur chuige comhoibríoch le gníomhaireachtaí sainiúla seachtracha maidir le hatreorúcháin, conairí agus tacaíocht leanúnach do dhaltaí
  • Tuiscint níos forbartha ar ról agus feidhm na bhfoirne i gcomhthéacs níos leithne de chur chun cinn na folláine scoile.
  • Breis feasachta ar an ngá atá le féinchúram agus piarthacaíocht ar fud na foirne.
  • Breis tuisceana ar phlean theagmhas chriticiúil sa scoil agus ar ról bhaill na foirne.
  • Inniúlacht níos mó chun idirghabhálacha ionscoile a aithint agus díriú orthu do dhaltaí

Tacaíocht Ilghníomhaireachta do Thionscadal Scileanna Saoil Chiarraí

Cé go mbíonn Scileanna Saoil Chiarraí ag comhoibriú le réimse leathan de sheirbhísí agus de ghníomhaireachtaí a bhíonn ag obair le daoine óga i réimse na folláine, faigheann an tionscadal tacaíocht dhíreach ó Chomhairle Contae Chiarraí, TUSLA (Coiste na Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga) agus BOO Chiarraí. Tá buíochas mór ag dul d’fhís agus do thiomanta na ngníomhaireachtaí sin as tacú le daoine óga i gCiarraí.

Alt in Iris KLS

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar