Press "Enter" to skip to content
Comórtas na Scoileanna Áitiúla

Comórtas na Scoileanna Áitiúla

Tá sé mar aidhm ag an gClár Críochnaithe Scolaíochta (SCP) méadú a chur ar líon na leanaí agus na ndaoine óga a fhanann i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna agus, tríd sin, feabhas a chur ar líon na ndaltaí a chuireann bailchríoch shásúil ar an tSraith Shinsearach, nó a comhionann.

Cuireann an Clár réimse d’idirghabhálacha áitiúla ar fáil i scoileanna agus i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste, deartha chun tacú le leanaí agus daoine óga a choinneáil san oideachas. Is éard atá i gceist ann ná díriú ar thacaíochtaí le linn scoile, taobh amuigh den scoil agus le linn saoire a chur i dtreo leanaí agus daoine óga atá i mbaol easpa spéise nó imeacht ón scoil go luath. Clár is ea SCP a fhaigheann maoiniú ó TUSLA, An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Is é an tionchar atáthar a iarradh ón SCP ná daoine óga a choinneáil sa scoil go mbeidh an Ardteistiméireacht nó a macasamhail déanta acu, nó leibhéal oiriúnach de ghnóthachtáil san oideachas a chuirfidh ar a gcumas aistriú chuig an mbreisoideachas, oiliúint nó fostaíocht.

Is iad na torthaí atá i gceist a theacht as an gClár ná feabhas ar an tinreamh scoile, ar choinneáil agus ar rannpháirtíocht.

Bunaíodh SCP in 2002 mar chuid de straitéis na Roinne Oideachais & Scileanna, DEIS – ‘Comhionannas Deiseanna a Chur ar Fáil sna Scoileanna’. Tá SCP tagtha faoi thionchar roinnt forbairtí reachtaíochta, straitéisí agus polasaí in Éirinn. Orthu sin tá:

  • Torthaí Níos Fearr Todhchaí Níos Gile: An Polasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga 2014-2020
  • Plean Corparáideach TUSLA 2018-2020
  • Plean Gníomhaíochta don Oideachas 2016-2019
  • Plean DEIS 2017
  • Ráiteas Straitéise faoi Thinreamh Scoile

Tá SCP ag oibriú go náisiúnta i 470 bunscoil agus i 224 iar-bhunscoil. Tá 124 tionscadal áitiúil SCP ann ina bhfuil 248 duine fostaithe go lánaimseartha, 627 go páirtaimseartha agus 2,211 ball foirne seisiúnach nó eile. Tá gach ceann de na 124 tionscadal áitiúil SCP faoi cheannas Choiste Bainistíochta Áitiúil (LMC) ar a bhfuil príomhoidí scoile, comhordaitheoirí HSCL, agus gníomhaireachtaí deonacha agus reachtúla. Ag an leibhéal náisiúnta, faigheann SCP tacaíocht ó fhoireann cheannasaíochta náisiúnta taobh istigh d’fhoireann bhainistíochta sinsir Sheirbhísí Leasa Oideachais (EWS) TUSLA, atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar obair na dtionscadal áitiúil.

SCP Chiarraí Theas

Bunaíodh SCP Chiarraí Theas in 2006/07 agus tá sé bainistithe ag BOO Chiarraí. Tá 7 scoil sa bhraisle, 3 cinn acu bainistithe ag BOO Chiarraí ag an leibhéal iar-bhunscoile agus 4 bhunscoil.

Seo iad na scoileanna:

Tralee Educate Together National School, Oakpark, Tralee
Scoil Iognáid Rís, An Daingean
Mercy Moyderwell Primary, Moyderwell, Tralee
Presentation Primary, Upper Castle Street, Tralee
Killarney Community College
Killorglin Community College
Coláiste Gleann Lí, Clash, Tralee

 

Déan teagmháil le SCP Chiarraí Theas

Local Co-ordinator
Norma Thompson
Cόlaiste Gleann Lí
Clash Road
Tralee
Co Kerry

nthompson@kerryetb.ie
scp@gleannli.ie

087-2486071

Polasaithe

Íoslódáil Bileoga na dTuismitheoirí agus na Gníomhaireachta Atreorúcháin

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar