Press "Enter" to skip to content
Ceol

Ceol

Music GenerationIs seirbhís nua oideachais ceoil do leanaí agus daoine óga i gContae Chiarraí é Music Generation Kerry trína gcuirfear deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga chun go mbeidh teacht acu ar réimse teagaisc ar ardchaighdeán agus fóirdheonaithe i gceol gutha, ceol uirlise agus i dteicneolaíocht an cheoil.

Is é Music Generation clár náisiúnta oideachais ceoil na hÉireann, arna bhunú ag Music Network agus arna chómhaoiniú ag U2, The Ireland Funds, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil Áitiúla. Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí a stiúrann Music Generation go háitiúil i gcomhar le Comhairle Chontae Chiarraí, Grúpa Chiarraí agus IT Thrá Lí. Tá Music Generation Kerry ar cheann den 22 ceantar ar fud na tíre atá anois páirteach i gclár náisiúnta ceoil na hÉireann, trína gcuirtear níos mó na 42,500 deis ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga gach bliain le bheith rannpháirteach i 150 clár oideachais ceoil bhunathraitheacha ar fud gach seánra agus stíl – idir cheol traidisiúnta, rac-cheol, phopcheol agus hip-hop, dhrumadóireacht samba, bhanna práis, thionscnaimh chórúla agus cheolfhoirneacha, chlubanna cumadóirí agus neart eile.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Music Generation, téigh chuig www.musicgeneration.ie

Má tá sé i gceist agat a bheith i do bhall den bhuíon oideachasóirí ceoil, déan teagmháil le Deirdre Johnson, an tOifigeach Forbartha Ceoil: djohnson@kerryetb.ie

Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus Measúnú Riosca

Polasaí Frithbhulaíochta Music Generation Chiarraí

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar