Press "Enter" to skip to content
Irish Language Office

Irish Language Office

An Ghaeilge i mBord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí tiomanta do sheirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an chontae. 

Tá an t-ádh linn go bhfuil dhá cheantar Gaeltachta againn i gCo. Chiarraí – Uíbh Ráthach agus Corca Dhuibhne – agus tuigeann BOO Chiarraí an tábhacht a bhaineann le freastal ceart a dhéanamh ar na Gaeltachtaí ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge iontu agus leathnú a dhéanamh ar na diméin teanga inar féidir le cainteoirí Gaeilge a bheith ag feidhmiú. Bímid ag comhoibriú leis na heagraíochtaí atá ag obair sa Ghaeltacht chun é sin a dhéanamh ó leibhéal na réamhscolaíochta go dtí réimse an bhreisoideachais.  

Tá Oifigeach Gaeilge páirtaimseartha lonnaithe i gceannáras BOO i dTrá Lí, a thugann tacaíocht dúinn ó thaobh comhfhreagras, ár Scéim Teanga, deiseanna oiliúna don fhoireann agus tograí teangalárnaithe a chur ar bun agus a thabhairt chun críche. Tá baile Thrá Lí ainmnithe le déanaí mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus is é BOO Chiarraí an cheanneagraíocht atá ceaptha chun an Plean Teanga don bhaile a chur i dtoll a chéile, togra a bhfuilimid ag tabhairt faoi go fonnmhar. Má tá aon cheist agat maidir leis an nGaeilge i mBOO Chiarraí ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh le:- 

Oifigeach Gaeilge 

Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí 
Centrepoint, Bóthar John Joe Sheehy 

Trá Lí, Co. Chiarraí V92 P2FE 

0667193900 

oifigeachgaeilge@kerryetb.ie 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar