Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí maoinithe go príomha ag an An Roinn Oideachais agus Óige (ROÓ) chun a sholáthar Bunscoile agus Iarbhunscoile a chur ar fáil. Faigheann an Bord maoiniú chomh maith ó SOLAS agus ón ROÓ chun na Cláir Bhreisoideachais agus Oiliúna atá aige a chur ar fáil.
Is é an ról atá ag an Rannóg Airgeadais tacú le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí a chuid cuspóirí bliantúla, arna n-aontú leis an ROÓ agus Solas, a bhaint amach agus cloí leis an mBuiséad bliantúil faoi mar a leagtar amach i Litir Chinnidh an ROÓ agus i Litir Leithroinntí SOLAS.
Déanann an Rannóg Airgeadais maoirseacht chomh maith ar na feidhmeanna a bhaineann le Párolla agus Creidiúnaithe, Bainistiú Cistíochta, Bainistiú Iniúchóireachta, Buiséadú agus Anailísiú Caiteachais do Scoileanna agus d’Ionaid ar bhonn scéime. Tá an Rannóg Airgeadais freagrach chomh maith as tacú le cinntí a dhéanamh ar bhonn áitiúil agus ar bhonn scéime agus as Rialachas Corparáideach láidir a chinntiú ar fud na heagraíochta.
Is é feidhm na Rannóige Airgeadais Ráitis Airgeadais Bhliantúla a chur ar fáil d’fhonn a chinntiú go dtugann na cuntais bhliantúla léargas fíor agus cruinn ar chúrsaí airgeadais Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.



