Do chéad fáilte chuig an Rannóg um Theicneolaíocht, Eastáit agus Inbhuanaitheacht, rannóg atá lárnach san obair chun an t-infreastruchtúr TFC a bhainistiú agus a fhorbairt, chun eastáit a bhainistiú agus ar thionscnaimh inbhuanaitheachta.
Is í an Rannóg um Theicneolaíocht, Eastáit agus Inbhuanaitheacht atá freagrach as réimse leathan feidhmeanna ina bhféachtar lena chinntiú go mbíonn BOO Chiarraí ag feidhmiú go héifeachtach agus go mbíonn fás straitéiseach ann.
Bainistíocht Teicneolaíochta: Is sinne a dhéanann an mhaoirseacht ar shlándáil, cothabháil agus feidhmiú na líonraí TFC atá againn lena chinntiú gur láidir agus gur slán atá na córais againn agus iad ag teacht le treoirlínte náisiúnta. An fhoireann againne a dhéanann conraitheoirí tríú páirtí TFC a bhainistiú, a dhéanann maoirseacht ar sholáthar bogearraí agus crua-earraí, agus a chuireann i bhfeidhm pleananna cuimsitheacha um leanúnachas gnó agus athshlánú ó thubaistí.
Bainistíocht Eastát Tá sé de chúram ar an rannóg againne bainistíocht a dhéanamh ar gach tionscadal caipitiúil foirgníochta – idir fhorbraíochtaí móra bonneagair agus scéimeanna oibreacha éigeandála. Is sinne a chinntíonn go mbítear ag cloí le nósanna imeachta agus treoirlínte cuí agus a dhéanann próisis mhaoinithe agus soláthair a bhainistiú.
Tionscnaimh inbhuanaitheachta: Tugann BOO Chiarraí gealltanas go dtabharfaimid faoinár gcúraimí ar shlí inbhuanaithe lena chinntiú gur féidir linn riachtanais sa lá atá inniu ann a shásamh agus, san am céanna, gan cúrsaí a fhágáil nach mbeidh glúnta amach anseo in ann na riachtanais a bheidh acusan a shásamh.
Agus Straitéis Inbhuanaitheachta BOO Chiarraí á cur i bhfeidhm againn, táimid ag obair de shíor i dtreo na spriocanna atá againn do 2030 a bhaint amach de réir mar atá leagtha amach i bPlean Gnímh an Rialtais ar son na hAeráide. Déanaimid a chinntiú, mar sin, go gcloítear le treoirlínte comhshaoil, go ndéantar faireachán ar na spriocanna inbhuanaitheachta atá againn agus go dtugtar tuairiscí ina leith, go mbímid ag plé le páirtithe leasmhara agus go bhféachaimid le go mbeidh saol inbhuanaithe ann mar thoradh ar ár gcuid oibre go léir.
Fáiltiú – Ceannoifig BOO Chiarraí: An fhoireann atá ag obair san fháiltiú i gCeannoifig BOO Chiarraí, is iadsan an chéad phointe teagmhála atá ag gach páirtí leasmhara. Is iad na hoibrithe cairdiúla proifisiúnta atá againn a dheimhníonn go bpléitear le gach ceist go tapa, bídís sin ceisteanna a fhaighimid san oifig féin, ar an bhfón nó ar an ríomhphost. Tugaimid cúnamh ar shlite éagsúla – tugaimid eolas faoi sheirbhísí, socraímid coinní, treoraímid cuairteoirí chuig na ranna cuí agus tugaimid tacaíocht san obair riaracháin ó lá go lá.
An Gealltanas Uainne
Tugann an Rannóg um Theicneolaíocht, Eastáit agus Inbhuanaitheacht gealltanas go gcloífimid leis na caighdeáin is airde dá bhfuil ann den tseirbhís phoiblí. Caitheann an fhoireann againne dúthracht le cultúr a chothú ina dtugtar tús áite don nuáil, dearscnaitheacht agus freagracht eiticiúil chun a chinntiú go mbeimid in ann freastal ar riachtanais na heagraíochta agus na bpobal a mbímid ag freastal orthu, riachtanais a bhíonn de shíor ag athrú. Bímid ag obair go dlúth le gach páirtí leasmhar chun timpeallacht shábháilte, éifeachtúil, inbhuanaithe a fhorbairt, timpeallacht a bheidh ag teacht le bunchuspóir agus luachanna BOO Chiarraí.