Press "Enter" to skip to content
Scéimeanna Maoinithe – Clárú & Iarratais

Scéimeanna Maoinithe – Clárú & Iarratais

Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla (LYCGS) Foirm Iarratais 2026

Tacaíonn an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla (an SDCÓÁ) le gníomhaíochtaí club/grúpa óige faoi stiúir oibrithe deonacha ar leibhéal áitiúil. Soláthraíonn an Roinn Oideachais agus Óige (ROÓ) cistiú don Scéim agus riarann Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) an scéim go háitiúil thar ceann na Roinne.

Tacaíonn an Scéim le gníomhaíochtaí club/grúpa do dhaoine óga; tugtar tús áite do chlubanna/ghrúpaí a fhreastalaíonn ar dhaoine óga idir 10 agus 21 bliain d’aois. Is é príomhdhíriú na Scéime chun cabhrú le clubanna/grúpaí óige áitiúla faoi stiúir oibrithe deonacha a sholáthraíonn clár gníomhaíochtaí oibre don óige do dhaoine óga. Anuas air sin, bíonn clubanna/grúpaí eile a oibríonn le daoine óga, ach nach bhfuil obair don ógra á soláthar acu go sonrach, i dteideal iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin Scéim.

Chun tacú le hobair oibrithe deonacha, agus lena chinntiú go gcloítear le caighdeáin cháilíochta ina n-obair le daoine óga, chorpraigh an ROÓ na Caighdeáin Cháilíochta Náisiúnta do Ghrúpaí Óige faoi stiúir Oibrithe Deonacha (na CCNGÓFSGÓanna) isteach sa Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla (an SDCÓÁ). Cuimsítear san Fhoirm Iarratais seo an dá ghné.

Le bheith incháilithe do chistiú ón Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla, caithfidh an club/grúpa na critéir seo a leanas a shásamh:

  • Caithfidh sé a bheith faoi stiúir oibrithe deonacha agus caithfidh sé a bheith bunaithe ar rannpháirtíocht dheonach daoine óga.
  • Caithfidh 75% de chomhaltaí an chlub/ghrúpa a bheith idir aois 10 agus 21 bliain.
  • Caithfidh sé a bheith in ann cuntas soiléir a thabhairt ar na tairbhí a bhaineann le bheith mar bhall den chlub/ghrúpa do dhaoine óga a ghlacann páirt i gcláir.
  • Caithfidh an club/grúpa cloí leis na riachtanais a leagtar amach i Mír 2 den Fhoirm Iarratais.
  • Caithfidh an club/grúpa na ceanglais go léir a leagtar amach san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 a chomhlíonadh go hiomlán.
  • Caithfear grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ar gach oibrí deonach fásta a oibríonn le daoine óga sula dtosaíonn siad le hobair dheonach a dhéanamh.
  • Caithfidh cumhdach cuí árachais a bheith i bhfeidhm.
  • Caithfidh rochtain a bheith ag oibrithe deonacha ar fhearas garchabhrach agus caithfidh gur féidir leo a bheith in ann é a úsáid i gceart.
  • Caithfidh Ráiteas, Beartas nó Nósanna Imeachta Sláinte agus Sábháilteachta a bheith ag an gclub/ngrúpa. (Nóta: baineann seo le clubanna/grúpaí a bhfuil úinéireacht acu ar áitreabh. Caithfidh clubanna/grúpaí nach bhfuil úinéireacht acu ar áitreabh a dheimhniú gur léigh siad agus go n-oibríonn siad agus aird á tabhairt ar Bheartas Sláinte agus Sábháilteachta an fhoirgnimh.)
  • Caithfear faisnéis ar gach gné de na trí Chaighdeán Cáilíochta do Ghrúpaí Óige faoi stiúir Oibrithe Deonacha a bhain do chlub/ghrúpa amach a chur san áireamh i bhfreagairt d’Fhoirme Iarratais.
  • Caithfidh clubanna a fuair cistiú na Scéime Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla sa bhliain airgeadais roimhe seo Foirm Thuairiscithe an Chlub a chomhlánú, agus í a sheoladh ar ais lena n-iarratas.

Tabhair ar aird, le do thoil, níl clubanna/grúpaí spóirt incháilithe chun cistiú a fháil faoi théarmaí na scéime seo.

Foirm Iarratais 2026

Irish LYCGS Guidance Note 2026
Irish LYCGS Statement of Assurance 2026
Ciorclán 2014 aguisín 2

 

Eagraíochtaí Óige Ainm Fón Rphost
KCYS Gareth Harteveld 068 23744 GarethHarteveld@kcys.ie
Scouting Ireland (Southern Province Office) Mark Noonan 021 4220020 mnoonan@scouts.ie
Foróige Regional Office Regional Office 021 4396521 emma.browne@foroige.ie
Irish Girl Guides National Office 01 6683898 info@irishgirlguides.ie
Kerry ETB Oifigeach Óige 066 7193900 youthoffice@kerryetb.ie

Do cheisteanna eile, déan teagmháil le Oifigeach Óige

Oifigeach Óige

Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) Oifig Forbartha Óige, BOO Chiarraí, 9/10 Sráid Deiní, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 XHT7

 

Ríomhphost: youthoffice@kerryetb.ie

 

© 2026 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.