Mar chomhlacht reachtúil, ní foláir do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí feidhmiú i gcomhréir le creat reachtaíochta, rialachán agus treoracha an Rialtais agus an AE, agus cloí leis na caighdeáin is airde ó thaobh eitice de.
Caithfear trí phríomhchuspóir a bhaint amach i dtaca le soláthar agus ceannach de:
- an luach is fearr ar airgead a bhaint amach agus is féidir agus
- é sin a dhéanamh ar bhealach follasach freagrach
- féachaint chuige lena chinntiú go gcaitear go cothrom agus go cothromasach le gach soláthraí ionchasach earraí nó seirbhísí do BOO Chiarraí.
Tá Nós Imeachta um Sholáthar curtha le chéile ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí leis na ceanglais seo a bhaint amach lena chinntiú go mbeidh freagracht agus trédhearcacht ann i dtaca le soláthar agus ceannach de.
Tá múnla láraithe soláthair agus ceannaigh i bhfeidhm ag BOO Chiarraí. Is é Aonad Láraithe Soláthair agus Ceannaigh BOO Chiarraí atá freagrach as an soláthar agus ceannach ar fad in BOO Chiarraí.
An rannóg um Theicneolaíocht, Eastáit agus Inbhuanaitheacht a bhíonn ag plé le soláthar speisialaithe a bhaineann le trealamh TFC agus oibreacha caipitiúla.
Úsáidtear creataí náisiúnta agus creat BOO Chiarraí i dtosach le hearraí nó seirbhísí a fháil. Mura mbíonn aon cheann de na creataí sin oiriúnach, iarrtar meastachán ar sholáthraithe oiriúnacha.
Tairiscintí foirmiúla
I gcomhréir leis an reachtaíocht Eorpach, má éiríonn tairiscintí i leith earraí agus seirbhísí níos airde ná tairseacha náisiúnta agus tairseacha de chuid an Aontais Eorpaigh, déantar iad a fhógairt ar eTenders, an láithreán gréasáin náisiúnta tairisceana, is é sin https://www.etenders.gov.ie/
Soláthraithe Ionchasacha
Má bhíonn aon soláthraí ag iarraidh go gcuirfear san áireamh é chun aon earraí agus seirbhísí a sholáthar de réir mar a theastóidh a leithéid ó BOO Chiarraí, féadfaidh an soláthraí sin comhfhreagras a sheoladh isteach chun an eagraíocht a fhógairt agus cur síos a dhéanamh ar na hearraí/seirbhísí atá i gceist agus an méid sin a chur chuig an Aonad Lárnach Soláthair agus Ceannaigh, is é sin hqpurchasingunit@kerryetb.ie.