Press "Enter" to skip to content

Polasaí Cáilíochta Institiúidí Uileghabhálacha

Réamhrá

Cuirtear an nuashonrú is déanaí ar fáil do QQI, dár gcomhpháirtithe, foghlaimeoirí agus don phobal sa bhforléargas seo maidir le forbairtí caighdeáin i ndáil le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí).

Forbairtí a bhaineann le polasaí agus nósanna imeachta QA

Bhí tionchar ag na fachtóirí seo a leanas ar pholasaithe agus ar nósanna imeachta QA BOO Chiarraí.

  • Tá BOO Chiarraí ag forbairt polasaithe agus nósanna imeachta QA faoi réir an Phlean Feabhsúcháin Cáilíochta (QIP) a d’aontaigh sé le QQI.  Tríd an méid sin á dhéanamh, dírítear ar réimsí tosaíochta na forbartha agus ar nósanna imeachta nua a thabhairt isteach do sholáthar iomlán BOO Chiarraí a bhaineann leas as an gcuid is fearr de na cleachtais cháilíochta reatha.
  • Tá a lán gníomhaíochta déanta ag BOO Chiarraí ina ionchur sna forbairtí náisiúnta ar phrintíseacht agus ar chomhoibriú earnála i dtaca le nósanna imeachta measúnaithe.
  • Tá dul chun cinn déanta ag BOO Chiarraí freisin maidir le haitheantas réamhfhoghlama, lena n-áirítear foghlaim ó thaithí roimh ré.

Rialachas

  • Tá nós imeachta rialachais agus téarmaí tagartha BOO Chiarraí ceadaithe ag an QQI dá n-aonaid rialachais – An Chomhairle Cáilíochta, an Bord um Rialachas Clár agus an Bord um Rialachas Deabhaithe Cáilíochta.
  • Cuireann an Chomhairle Cáilíochta maoirseacht ar fáil do cháilíocht na gclár oideachais agus oiliúna go léir atá ag BOO Chiarraí. Chuaigh an Chomhairle Cáilíochta i mbun oibre in 2018 agus tá sé i gceist aici a theacht le chéile ceithre huaire sa bhliain.
  • Áirítear iad seo a leanas ina gcomhaltaí ar an gComhairle Cáilíochta.
    • Cathaoirleach Seachtrach
    • An Stiúrthóir FET (BOO Chiarraí)
    • Ionadaí tionscail (Cónaidhm Óstán na hÉireann)
    • Ionadaíocht ó ionaid oideachais agus oiliúna BOO (múinteoir agus príomhoide ó PLC; teagascóir agus bainisteoir ionaid oiliúna; ionadaí ón gclár VTOS)
    • Ball de Bhord an Chláir Commis Chef
  • Tuairiscíonn an Bord um Rialachas Clár agus an Bord um Rialachas Dhearbhú Cáilíochta don Chomhairle Cáilíochta. Chuaigh an Bord um Rialachas Clár agus an Bord um Rialachas Dearbhaithe Cáilíochta i mbun oibre in 2018 agus tá sé i gceist acu teacht le chéile sé huaire sa bhliain.
  • Faoi láthair, tá BOO Chiarraí ag measúnú cén bealach le hionadaíocht a thabhairt d’éagsúlacht a fhoghlaimeoirí ina rialachas ballraíochta agus beidh sé i dteagmháil leis an earnáil BOO i dtaca leis an mbealach chun é sin a dhéanamh.
  • Aithníonn BOO Chiarraí go gcaithfidh sé cur lena acmhainneacht in imeacht ama chun a chóras rialachais a fheidhmiú agus díriú ar chumarsáid le comhghleacaithe ar fud an BOO i dtaca le rialachas agus le soláthar cruinnithe faisnéise agus oiliúna nuair a bheidh sé sin cuiditheach.

Straitéis

An tAonad um Dhearbhú Cáilíochta

Tá Aonad Dearbhaithe Cáilíochta bunaithe ag BOO Chiarraí. Is é an ról ata ag an Aonad Dearbhaithe Cáilíochta ná feidhmiú mar theagmhálaí idir bhainistíocht/fhoireann BOO Chiarraí agus a struchtúr rialachais, agus nasc a chur ar fáil idir torthaí an rialachais ag an leibhéal lárionaid agus rialú an BOO. Lena chois sin, tá an t-aonad ag baint úsáide as na sonraí cuimsitheacha clár atá ar fáil anois tríd an gcóras PLSS. Tuairiscíonn an tAonad QA go díreach don Stiúrthóir FET. Seo é an chéad phointe teagmhála d’fhorais cháiliúcháin agus scaipeann sé an t-eolas a fhaightear ó fhorais cháiliúcháin ar aonaid agus lárionaid rialachais BOO Chiarraí. Caithfidh gach cumarsáid idir BOO Chiarraí agus na forais cháiliúcháin a theacht tríd an Aonad QA.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar