Press "Enter" to skip to content
Tionscadal Meantóireachta BOO Chiarraí

Tionscadal Meantóireachta BOO Chiarraí

Oibríonn Tionscadal Meantóireachta BOO Chiarraí le daoine óga 15 bliana d’aois nó níos sine ná sin ar bhonn duine le duine agus le cur chuige obair óige. Tugann Meantóireacht deis do dhaoine óga teagmháil a dhéanamh agus caidreamh láidir a bhunú lena meantóir. Leis an gcaidreamh dinimiciúil seo cuirtear cúnamh agus spás ar fáil chun na roghanna dul chun cinn uile a phlé. Trí phróiseas meantóireachta a reáchtáil, tuigfidh gach duine óg an bealach chun cinn is réalaíche agus inbhuanaithe dóibhsean agus déantar gach bealach dul chun cinn a chur in oiriúint don té atá i gceist. Féadann Meantóireacht a bheith ar siúl thar roinnt seachtainí nó roinnt blianta. Is é an duine óg a threoraíonn an seisiún agus bíonn an duine óg i gcroílár na gcinntí uile a dhéantar. Is seirbhís saor in aisce í Tionscadal Meantóireachta BOO Chiarraí agus tá sí ar fáil do dhaoine óga:

  • a fhágann an scoil luath
  • a d’fhéadfadh an scoil a fhágáil luath
  • a d’fhág an scoil gan mórán den Ardteist déanta acu nó gan aon chuid den Ardteist acu
  • nach as Éirinn iad agus nach bhfuil ar scoil
  • atá ag freastal ar chláir agus/nó ar thraenáil
  • a dtaitneodh cúnamh agus tacaíocht leo chun cinntí a dhéanamh maidir leis an méid atá siad ag iarraidh a dhéanamh amach anseo.

 

ÁIT TEAGMHÁIL FÓN RÍOMHPHOST
Tionscadal Meantóireachta BOO Chiarraí,
Áras an Phobail,
Croílár na Mishéalach, Trá Lí,

Contae Chiarraí
V92 CRW8

Catherine Galway, Comhordaitheoir an Tionscadail

 

Susan O Shea

Meantóir

086 7966477

 

 

086 7966478

Catherine.galway@staff.kerryetb.ie

 

 

Susan.oshea@staff.kerryetb.ie

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar