Press "Enter" to skip to content

Súil amach ar an saol

Togra de chuid Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach Chiarraí

Roinnt comhairle ón áisitheoir, Zoë Uí Fhaoláin Green, maidir leis an saothar ealaíne a cheapadh:

  • Féach amach fuinneog ar bith i do theach agus tóg d’am ag baint lán na súl as an radharc ar do shuaimhneas. Coinnigh ort ag féachaint agus ag tabhairt faoi deara.
  • Lean ar aghaidh ina dhiaidh sin ag tarraingt pictiúir, ag péinteáil, ag tógáil grianghraf ealaíne nó ag scríobh filíochta faoina bhfuil le feiceáil agat nó faoi ní a bhraitheann tú a bheith in easnamh sa radharc ionas go gcuireann tú in iúl an rud atá le braistint agat.
  • Tabhair san áireamh – mionrud amháin, radharc leathan cuimsitheach, an dúlra agus an timpeallacht foirgníochta, na dathanna, gluaiseacht, suaimhneas, fuaimeanna a chloistear duit agus gnéithe uige mar a fheictear duitse iad.
  • Bain leas as do chuid samhlaíochta! Cruthaigh d’íomhá le modh oibre nó meán ar bith is main leat.
  • Is féidir focail agus pictiúir a chur in úsáid le chéile
  • Is féidir taifeadadh fuaime a dhéanamh de do chuid filíochta
  • LÍNÍOCHT: d’fhéadfá díriú ar phátrúin sa radharc atá le feiceáil agat, nó díriú ar dhathanna, nó d’fhéadfá gach líne dá bhfuil le feiceáil a tharraingt
  • SCRÍBHNEOIREACHT: d’fhéadfá leas a bhaint as a mbraitheann na céadfaí lena bhfuil ann (nó lenar mhaith leat a bheith ann) a chur in iúl. Mar shampla – tá néalta sa spéir le feiceáil agam, tá cantaireacht na n-éan le cloisteáil agam, ba mhaith liom uachtar reoite a bheith le blaiseadh agam amuigh ansin le mo chuid cairde, agus an féar a mhothú idir méara na gcos. Oibrigh trí do chuntas arís agus cuir níos mó in iúl le roinnt de na línte, úsáid aidiachtaí agus dobhriathra (focail a thugann breis eolais faoi rud nó faoi ghníomh), nó briathra (focail maidir le gníomhartha).
  • D’fhéadfá ansin líne bhreise a chur isteach idir roinnt de na línte atá agat cheana féin agus breis eolais a lua nó cur síos breise a thabhairt ar an atmaisféar, nó cúis a lua leis an rud atá á lua agat sa líne roimh an gceann seo nó sa líne a thagann ina diaidh.
  • Meabhraítear duit gur féidir saothar ealaíne a cheapadh ina dtugann tú léargas ar an bhfís atá agat den rud ba mhaith leat a bheith le feiceáil – an saol ba mhaith leatsa a bheith i ndán dúinn – agus gur féidir an saothar, pictiúr nó scríbhneoireacht, a chumadh as do chuid samhlaíochta!
  • Ba bhreá linn do phictiúr a fheiceáil agus do chuid focal a léamh. Bí cinnte go n-iarrann tú cead ar do thuismitheoir/chaomhnóir agus gur ó sheoladh ríomhphoist an tuismitheora/caomhnóra a sheoltar an t-ábhar scríbhneoireachta, an t-íomhá (i bhfoirm Jpeg) nó an taifeadadh fuaime (i bhfoirm MP3 ar uasfhad 20 soicind) chugamsa ag an seoladh littlewolves@gmx.com, agus bí cinnte freisin go luaitear d’ainm.
  • Is féidir íomhánna agus focail a chur le chéile i do shaothar ealaíne – b’fhéidir go bhfuil tú go hiontach i mbun colláise nó gur maith leat grianghrafadóireacht dhigiteach a chleachtadh, agus tá lánchead modh oibre ar bith acu sin a úsáid.
  • Cuirfidh mise gach saothar le taispeántas sleamhnán ar fhíseán. Beidh fuaimrian leis sin a leagfaidh mise amach bunaithe ar an ábhar a chuireann sibhse isteach. Beidh sin le feiceáil ar an idirlíon agus ar taispeáint i bhfuinneoga siopaí ar fud Chiarraí, Dé Sathairn, an 13 Meitheamh mar chuid de Chruinniú na nÓg, lá ceiliúrtha maidir le bua na samhlaíochta agus na cruthaitheachta i leanaí agus i ndaoine óga. Go raibh míle maith agat as an saothar ealaíne a dhéanamh agus a chur ar fáil dúinn go léir!

Tá de rún againn leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo agus taispeántas a eagrú nuair is féidir le daoine cruinniú le chéile arís. Bheadh gach saothar ealaíne á chur ar taispeáint againn, chomh maith leis an ábhar físeáin, agus deis ag na daoine óga ar fad a ghlacann páirt sa tionscnamh bualadh le chéile.

Go n-éirí leat agus bain spraoi agus sult as do chuid ealaíne!

Ó Zoë

Breis eolais: Deirdre Enright, Comhordaitheoir, Óige Ildánach, BOO Chiarraí. Fón póca: 085 8734946

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar