Tá cúig dhuine dhéag de dhéagóirí as Tuaisceart Chiarraí i gcompántas nua ar breá an deis atá ann cumas cruthaitheachta a léiriú. Tá an compántas ag foghlaim le dráma a cheapadh bunaithe ar a gcuid smaointe féin, le tobchumadh a dhéanamh agus oibriú as lámha a chéile. Oibrítear le chéile ar bhealach ríthairbheach agus tá cairdeas mór agus dlúthcheangal leis an ngrúpa tagtha de thoradh air cheana féin.
![AMHARCLANNAÍOCHT ÓIGE: CIARRAÍ THUAIDH](https://www.kerryetb.ie/wp-content/uploads/2020/05/pexels-photo-189449-1.jpg)