Press "Enter" to skip to content
Comhoibriú le Páirtithe, Soláthróirí Eile agus Forais Cháiliúcháin Eile

Comhoibriú le Páirtithe, Soláthróirí Eile agus Forais Cháiliúcháin Eile

SOLAS

SOLAS

Eagraíocht stáit í SOLAS atá freagrach as maoiniú, pleanáil agus comhordú FET, agus tá páirt mhór ag SOLAS i seirbhísí BOO Chiarraí. Tá tosaíochtaí d’infheistíocht agus d’fhorbairt na hearnála FET leagtha síos i gComhaontú Feidhmíochta Straitéisí 2020 – 2023 Tugann na tosaíochtaí sin treoir do BOO Chiarraí maidir lena chuid seirbhísí FET a fhorbairt.

Boird Oideachais agus Oiliúna Éire

Is é Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI), an cumann náisiúnta ionadaíoch do na sé cinn déag de Bhoird Oideachais agus Oiliúna atá in Éirinn – ag cur réimse tacaíochtaí comhordaithe agus gairmiúla ar fáil do BOOnna agus ag éascú comhoibrithe idir na BOOnna. Déanann ETBI  comhordú ar líon grúpaí a chuidíonn le BOOnna chun polasaí a fhorbairt agus feabhas a chur ar chleachtas. Baineann BOO Chiarraí leas as obair na ngrúpaí sin, a chuireann le feabhas a chur ar sheirbhísí BOOnna go náisiúnta agus ag treisiú an chumais chun comhsheasmhacht sa chur chuige a chur i bhfeidhm:

  • Fóram na bPríomhfheidhmeannach
  • Fóram na Stiúrthóirí
  • Grúpa Straitéiseach QA Stiúrthóirí FET
  • Grúpa Stiúrtha FET
  • Fóram um Dhearbhú Cáilíochta
  • Grúpa um Fhorbairt Printíseachtaí Nua

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

Trína hoifigí Intreo, tá an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (DEASP) ina comhpháirtí straitéiseach don phleanáil oideachais agus oiliúna dóibh sin atá taobh amuigh den mhargadh fostaíochta maidir le dífhostaíocht fadtéarmach. Tá foireann DEASP/Intreo páirteach sna grúpaí réimsí a dhíríonn ar phleanáil – ag cuíchóiriú atreorúchán isteach i gcúrsaí BOO Chiarraí. Tá prótacal foirmiúil atreorúcháin i bhfearas idir BOO Chiarraí agus DEASP/Intreo.

Comharsholáthróirí – Cláir Phrintíseachta Nua

Is soláthróir comhordúcháin é BOO Chiarraí don Phrintíseacht Commis Chef.  Tá Meabhráin Chomhaontaithe (MOA) i bhfeidhm le sé chomharsholáthróirí.  Thug BOO Chiarraí faoi mhonatóireacht cáilíochta in 2019 le roinnt dár gcomharsholáthróirí.  Cuirtear tuarascálacha comhdhlúthaithe maidir leis an gclár a sholáthar faoi bhráid an Bhoird Náisiúnta Clár ar bhonn ráithiúil.  Cuirtear tuarascálacha maidir le dul chun cinn printíseach; lena n-áirítear torthaí, faoi bhráid an Bhoird Scrúduithe Náisiúnta chun moltaí a dhéanamh leis an gComhairle Cáilíochta. Déanann Comhairle Cáilíochta BOO Chiarraí  torthaí náisiúnta maidir le Ardteastas sna hEalaíona Cócaireachta  a bhaint amach a dhaingniú.

Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí

Tá socruithe sonracha i bhfearas ag BOO Chiarraí a chuireann deiseanna feabhsaithe dul chun cinn ar fáil d’fhoghlaimeoirí atá ag imeacht as Cúrsaí BOO Chiarraí agus ag dul ar aghaidh chuig cúrsaí Breisoideachais in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar