Press "Enter" to skip to content

Cláir a Fhorbairt, a Mholadh, a Cheadú agus a Athbhreithniú

Cuireann BOO Chiarraí cláir ar fáil as a bhfaightear Mórtheastais, Teastais Sainchuspóra agus Ardteastais, mar aon le cláir as a bhfaightear dámhachtainí neamh-QQI. Tá próiseas iarratais struchtúrtha i gceist le coláistí agus ionaid atá ag iarraidh clár nua a fhorbairt:

  1. Déanann an Grúpa Bainistíochta FET athbhreithniú ar an bhfaisnéis faoi acmhainní agus riachtanais foirne. Tá Grúpa Bainistíochta FET ábalta togra an Bhoird um Rialú Clár a mholadh tar éis don ghrúpa na riachtanais maidir le hacmhainní agus maidir le foireann a mheas don chlár atá beartaithe.
  2. Déanann an Bord um Rialú Clár athbhreithniú ar an togra mar atá molta ag Grúpa Bainistíochta an FET. Má cheadaítear é bunófar grúpa oibre chun tabhairt faoin obair chun an clár nua a fhorbairt.  Déanann an tAonad QA comhordú ar an obair sin.
  3. Nuair atá an fhorbairt ar an gclár nua curtha i gcrích – déanann an Bord um Rialú Clár athbhreithniú ar gach cáipéisíocht cláir agus molann an clár don Chomhairle Cáilíochta len é a cheadú agus chun é a chur ar aghaidh chuig an bhforas dámhachtana lena dheimhniú.

Aithníonn BOO Chiarraí an tábhacht atá le hidirdhealú a dhéanamh idir forbairt an chláir, moladh chun é a cheadú agus é a cheadú. Tá trí phointe shainithe i gceist maidir le clár nua a fhorbairt.  Tá gach pointe lárnach maidir leis an nós imeachta a leanann aonaid rialachais BOO Chiarraí nuair atáthar ag cur clár nua ar aghaidh chun

  1. An togra maidir le clár nua a fhorbairt a mholadh (Grúpa Bainistíochta FET)
  2. An togra a cheadú (Bord um Rialachas Clár)
  3. An cháipéisíocht a chuirfear chuig an bhforas dámhachtana a cheadú (Comhairle Cáilíochta)

Cliceáil anseo chun an Beartas Nua i leith Ceadú, Forbairt agus Deimhniú cláir a fheiceáil. Insert link here

Tá BOO Chiarraí i mbun a sraith cláir iomlán a ghrúpáil i gcatagóirí discréideacha chun

  • Cúrsaí maidir le Fostaíocht [NFQ Leibhéal 5-6]
  • Cúrsaí maidir le Dul Cinn HE [NFQ Leibhéal 5-6]
  • Scileanna maidir le Nascú [NFQ Leibhéal 3-4]
  • Bunscileanna [NFQ Leibhéal 1-2

San am céanna, tá tús curtha againn le hathbhreithniú ar dhá chúrsa ar leith  –  Ardteastas in Ealaíona Cócaireachta agus Treorú Turas Náisiúnta-.  Tá an t-athbhreithniú ag aithint réimsí de na cláir seo a bhfuil ag éirí go maith leo agus réimsí a bhfuil feabhas de dhíth uathu.  Trínár rannpháirtíocht leis an athbhreithniú clár cuideofar linn cur le hacmhainn na saineolaithe ábhair agus le comhaltaí ár mBoird um Rialú Clár go háirithe mar a bhaineann le cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le cláir oideachais agus oiliúna.  Sna blianta amach romhainn, tabharfaidh BOO Chiarraí tús áite do chláir a bhfuil athbhreithniú le déanamh orthu nuair a aithnítear go bhfuil gá athrú a dhéanamh ar chlár ar leith agus maidir le líon na bhfoghlaimeoirí.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar