Press "Enter" to skip to content

Fóraim chinnteoireachta um dhearbhú cáilíochta

Fóram um Dhearbhú Cáilíochta i ndáil le Cinnteoireacht

Is é is aidhm le Córas Rialachais BOO Chiarraí a chinntiú go bhfuil dearbhú cáilíochta déanta ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim, lena n-áirítear foghlaim agus measúnú obair-bhunaithe.  Is í Comhairle Cáilíochta BOO Chiarraí an t-aonad uileghabhálach rialachais.  Tá roinnt aonad rialachais freagrach don Chomhairle Cáilíochta.  Tá an deis glactha ag BOO Chiarraí chun an oiread comhpháirtíochta seachtraí agus is féidir a bheith ina rialachas.  Cathaoirleach seachtrach atá ina chathaoirleach ar an gComhairle Cáilíochta.

Struchtúr an Chórais Rialachais

Is í an Chomhairle Cháiliúcháin an t-aonad uileghabhálach rialachais. Tá dhá fhochoiste sa Chomhairle Cáilíochta – an Bord um Rialú QA agus an Bord um Rialú Clár. Tá téarmaí tagartha forbartha do gach ceann de na trí aonad rialachais.

Ballraíocht agus oibriú

Tá sonraí faoi bhallraíocht agus oibríochtaí áirithe i dtéarmaí tagartha gach aonaid rialachais.  Tá BOO Chiarraí ag tapú na deise chun an oiread comhpháirtíochta seachtraí agus is féidir a bheith ina rialachas, mar is léir ó bhallraíocht a Chomhairle Cáilíochta.

Comhaltas Chomhairle Cáilíochta BOO Chiarraí

  • Cathaoirleach – Brendan Tuohy, iar-Ard-Rúnaí na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
  • Rúnaíocht – Owen O Donnell, Stiúrthóir FET, le cuidiú an Oifigigh AEO/QA, Bernadette Corridan
  • Ball Foirne ó Choláiste Breisoideachais Chiarraí – múinteoir innealtóireachta – John Skinner
  • Ball Foirne ó Ionad Oiliúna BOO Chiarraí – Teagascóir Chúrsa Oiliúna Rúnaí Leighis – Mary Jo Staunton
  • Ball Foirne Comhordaitheoir VTOS Chill Airne – Comhordaitheoir VTOS – Mary O’Connor
  • Ball Foirne ó Choláiste Breisoideachais Chiarraí – Príomhoide – Mary Lucey
  • Ball Foirne ó Choláiste Breisoideachais Thuaisceart Chiarraí – Príomhoide – Stephen Goulding
  • Ball Foirne ó Ionad Traenála – Bainisteoir – Con O’Sullivan (Ionadaí Bhord an Chláir Commis Chef)
  • Ball Foirne ó Ionaid FET – AEO – Shivaun Shanahan
  • Ionadaí ETBI – Bainisteoir Dearbhaithe Cáilíochta – Jenny Conroy
  • Ionadaí tionscail – Óstánaí – Michael Vaughan

Foilsíonn BOO Chiarraí nótaí chruinniú maidir le hobair an Chomhairle Cháilúcháin a thagann le chéile ar bhonn ráithiúil:

Foilsímid na socruithe a bhaineann le comhaltas, ceapadh agus uainíocht bainistithe clár; agus athbhreithniú agus meastóireacht ar ár gcuid aonad rialachais.  Tá na socruithe sin leagtha amach i dtéarmaí tagartha do gach aon aonad rialachais:

Príomhnósanna Imeachta BOO Chiarraí Téarmaí Tagartha Chomhairle Cáilíochta FETTéarmaí Tagartha an Bhoird um Rialú ClárTéarmaí Tagartha an Bhoird Náisiúnta ClárTéarmaí Tagartha an Bhoird um Rialú Cáilíochta

An tAonad um Dhearbhú Cáilíochta i BOO Chiarraí

Tacaíonn an tAonad um Dhearbhú Cáilíochta (QA) leis an obair a dhéanann an Fóram um Dhearbhú Cáilíochta i ndáil le Cinnteoireacht BOO Chiarraí.  Tuairiscíonn an t-aonad go díreach don Stiúrthóir Gníomhach Breisoideachais agus Oiliúna agus gníomhaíonn mar an chéad phointe teagmhála d’fhorais damhachtana.  Scaipeann an t-aonad QA an t-eolas a fhaightear ó fhorais cháiliúcháin ar na haonaid rialachais chuí.  Tá ceithre phríomhfheidhm ag an aonad QA:

  1. Feidhmeanna i dtaca le polasaí agus nósanna imeachta QA
    a) Aontú ar sceideal don fhorbairt agus don athbhreithniú ar pholasaí agus nósanna imeachta QA, bunaithe ar bhreithniúchán ar thosaíochtaí inmheánacha agus seachtracha
    b) Cinntiú go bhforbraítear polasaithe agus nósanna imeachta QA de réir próisis aontaithe dréachtaithe agus forbartha
    c) Cinntiú go dtabharfaidh na polasaithe agus nósanna imeachta QA aird ar riachtanais na bhforas cáiliúcháin
    d) Cinntiú go gcuirtear polasaithe agus nósanna imeachta QA faoi bhráid na n-aonad rialachais ábhartha de réir a dtéarmaí tagartha
    e) Cinntiú go bhfuil fáil go hinmheánach agus go seachtrach ar pholasaithe agus nósanna imeachta atá aontaithe
    f) Cruinnithe faisnéise agus oiliúna a eagrú, mar is cuí, chun tacú le feidhmiú na bpolasaithe agus nósanna imeachta atá aontaithe
    g) Aiseolas a bhailiú ar fud na lárionad faoi fheidhmiú polasaithe agus nósanna imeachta atá aontaithe
  2. Feidhm i dtaca le cláir BOO Chiarraí:
    a) Forbairt na gclár a bhainistiú tar éis an togra clár a bheith faofa
    b) Cinntiú go mbeidh cáipéisíocht an fhorbartha clár ag cloí le nósanna imeachta ábhartha an fhorais cháiliúcháin
    c) Sceideal a fhorbairt d’athbhreithniú na gclár agus a chinntiú go ndéantar é de réir nósanna imeachta an fhorais cháiliúcháin ábhartha
    d) Anailísí a reáchtáil ar shonraí na gclár
  3. Feidhm i dtaca le measúnú
    a) Bainistiú inmheánach d’Fhíordheimhniú Seachtracha agus tiomsú sonraí as an bpróiseas fíordheimhnithe (IV, EA ags RAP)
    b) Bailchríoch a chur ar anailís na ngrád do thuairiscí tagarmharcála
    c) Torthaí ó chruinnithe RAP agus an Bhoird Scrúduithe a chur faoi bhráid an rialachais lena ndaingniú
    d) Sintéisiú a dhéanamh ar na hanailísí ar thorthaí a chuireann cruinnithe RAP agus an Bhoird Scrúduithe ar fáil
  4. Feidhm i dtaca le monatóireacht agus athbhreithniú
    a) Sceideal a fhorbairt d’athbhreithnithe ar an tseirbhís
    b) Sintéisiú a dhéanamh ar na hanailísí a fhaightear ó lárionaid maidir le haiseolas ó fhoghlaimeoirí
    c) Comhordú a dhéanamh ar fhéinmheastóireacht an BOO mar ullmhúchán d’athbhreithniú seachtrach
    d) Rianú agus tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí aontaithe tar éis torthaí monatóireachta agus athbhreithnithe

Tá freagrachtaí ar an Aonad QA freisin i dtaca le rialachas, bainistiú riosca agus i gníomhaíochtaí feabhsaithe QA a éascú:

  1. Rialachais – Oibriú le Rúnaíochtaí na n-aonad rialachais chun míreanna clár a sceidealú de réir na dtéarmaí tagartha atá aontaithe:
  • Tuarascálacha a chur ar fáil d’aonaid rialachais de réir a dtéarmaí tagartha
  • Dul i gcomhairle leis na Rúnaíochtaí maidir le bainistiú na n-aonad rialachais, agus faoina gcomhordú, chun a chinntiú go bhfuil téarmaí tagartha aontaithe, go bhfuil aon leasuithe ar na téarmaí tagartha taifeadta agus go bhfuil siad ceadaithe ag an gComhairle Cáilíochta
  • A chinntiú go gceapfar baill agus go líonfar aon fholúntais a tharlaíonn ar aon chúis agus go bhfuil uainíocht á déanamh ar an mballraíocht faoi réir na dtéarmaí tagartha
  • A chinntiú go seolfar torthaí cinntí ó aonad rialachais amháin go dtí an ceann eile, de réir a dtéarmaí tagartha aontaithe
  • A chinntiú go bhfuil deis ag an aonad rialachais aiseolas a chur ar fáil faoina fheidhmíocht
  • A chinntiú go bhfaighfear aon tuarascálacha a éilíonn an Chomhairle Cáilíochta óna fochoistí
  1. Bainistíocht Riosca – Ag cur le clár riosca BOO Chiarraí
  2. Gníomhaíochtaí feabhsaithe QA a éascú – Ag freastal mar fheithicil do bhailiú, roinnt agus léiriú dea-chleachtais i gcomhar le Coláistí agus lárionaid FET.

Cuireann an tAonad QA béim láidir ar chur le tuiscint agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach  QAP ar fud soláthair FET mar chuid den fheabhas leanúnach.  Tá caidreamh frithpháirteach ag an aonad leis na lárionaid – bunaithe ar thacaíocht fhrithpháirteach a thabhairt i dtimpeallacht ilchisealach rialachais.

An tAonad QA

QA-UNIT

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar