Press "Enter" to skip to content
Ionad Réigiúnach Fóillíochta & Spóirt Thrá Lí

Ionad Réigiúnach Fóillíochta & Spóirt Thrá Lí

Is i 1977 a d’oscail Ionad Réigiúnach Fóillíochta & Spóirt Thrá Lí (Tralee Regional Sport & Leisure Company Limited by Guarantee). Is comhfhiontar ar leith é agus is le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus Comhairle Chontae Chiarraí é. Is é Tralee Regional Sports & Leisure Centre Limited by Guarantee a bhainistíonn an tIonad ar bhonn neamhbhrabúis.

Tá an tIonad Spóirt ar cheann de bheagán áiseanna spóirt ilfheidhme ina nglactar go hiomlán leis an gcoincheap “is do gach duine an spórt” agus ar an gcaoi sin cuirtear seirbhísí ar fáil don phobal i gcoitinne, d’eagraíochtaí agus grúpaí spóirt, do scoileanna agus do choláistí.

Tagann breis is 300,000 cuairteoir chuig an Ionad Spóirt gach bliain agus táthar i mbun an phróisis chun go leor de na háiseanna a bhaineann leis an spórt tirim a uasghrádú faoi láthair lena n-áirítear an t-urlár nua a cuireadh sa halla spóirt le gairid. Áirítear ar na háiseanna: linn snámha 25m, linn snámha 12.5m d’fhoghlaimeoirí, halla spóirt 830 méadar cearnach, seomra aclaíochta lánfheistithe, 2 x cúirt scuaise, 2 x cúirt liathróid láimhe / liathróid raicéid, páirc Astroturf seachtar an taobh, 2 x páirc Astroturf cúigear an taobh.

Is féidir féachaint ar láithreán gréasáin an Ionaid anseo

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar