Press "Enter" to skip to content

An Rannóg Corparáide, Caipitil & Teicneolaíochta

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) faoi rialú ag Bord, ar a bhfuil ionadaithe atá tofa agus ceaptha ag na príomhpháirtithe leasmhara, faoi mar atá leagtha amach san Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013.  Tacaíonn réimse Coistí agus Boird Bainistíochta na Scoileanna leis an mBord.

Mar is ionann le gach comhlacht stáit, freastalaíonn BOOnna ar leas an Rialtais mar scairshealbhóir, ar leas an cháiníocóra agus gach páirtí leasmhara, agus féachann le luach ar airgead a fháil i ngach a ndéanann siad, lena n-áirítear rioscaí a bhainistiú mar is cuí.

Is é an tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna an reachtaíocht phríomha a rialaíonn BOOnna agus tá siad faoi réir chomh maith ag an gCód Cleachtais maidir le Boird Oideachais agus Oiliúna a Rialú, Imlitir 0002/2019, atá i bhfeidhm ón 30 Eanáir, 2019. Meastar gur ionann an Cód Cleachtais agus sraith caighdeán do bhaill agus d’fhoireann na BOOnna agus bítear ag súil go gcinnteoidh siad go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí maidir leis an BOO á rialú an t-am ar fad de réir na gcaighdeáin seo, i ngach a ndéanann siad.

Tacaíonn struchtúr riaracháin cuimsitheach ina gcuimsítear príomhréimsí mar Airgeadas, Soláthar, Acmhainní Daonna agus Seirbhísí Corparáideacha leis an bPríomhfheidhmeannach. Tá an Príomhfheidhmeannach freagrach as bainistiú feidhmeannach an BOO.

Cé go bhfuil freagracht fhoriomlán ar an bPríomhfheidhmeannach i ndáil le feidhmiú sheirbhísí an Bhoird, is iad an Stiúrthóir FET, Stiúrthóir na Scoileanna, an Stiúrthóir Tacaíochta Eagraíochta agus Forbartha chomh maith le Príomhoidí Scoile, Bainisteoirí Ionad FET, Oifigigh Óige atá freagrach as bainistiú na scoileanna, na n-ionad agus na seirbhísí ó lá go lá.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar