Press "Enter" to skip to content

Soláthar

De bharr gur comhlacht reachtúil é Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, ní mór dó cloí le Treoirlínte agus Reachtaíocht Soláthair na hEorpa. D’fhonn na ceanglais sin a bhaint amach, tá líon Beartas agus Nósanna Imeachta curtha i dtoll a chéile ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí chun cuntasacht agus trédhearcacht maidir le ceannach a chinntiú. Ina theannta sin, cuirtear na Beartais agus Nósanna imeachta sin i bhfeidhm d’fhonn a chinntiú:

  • go bhfaightear Luach ar Airgead agus gur féidir sin a léiriú.
  • go gcaitear le soláthraithe go cothrom agus go cóir.

I gcomhréir le Reachtaíocht na hEorpa, déantar tairiscintí ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil luach níos mó ná €25,000 (gan VAT san áireamh) ag dul leo a fhógairt ar an láithreán gréasáin soláthair eTenders.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar