Press "Enter" to skip to content
Acmhainní Daonna

Acmhainní Daonna

Fáilte chuig roinn Acmhainní Daonna láithreán gréasáin Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.

Tá an Rannóg Acmhainní Daonna tiomanta do BOO Chiarraí a chur chun cinn mar eagraíocht atá chun tosaigh chun oideachas agus oiliúint a chur ar fáil. Déanaimid sin trí réimse seirbhísí a chur ar fáil, seirbhísí lena n-áirítear Fostaithe a Fhoinsiú, Caidrimh Fostaithe agus Folláine Fostaithe.

Déanann lucht na Rannóige Acmhainní Daonna a ndícheall chun réitigh nuálacha ar shaincheisteanna eagraíochtúla agus acmhainní daonna a chur ar fáil do bhainisteoirí agus d’fhostaithe trí cheannaireacht agus treoir a thabhairt i ndáil le forbairt, cur i bhfeidhm agus riar cothrom polasaithe agus nósanna imeachta.

Tá an fhoireann Acmhainní Daonna tiomanta do thimpeallacht oibre dhearfach agus chomhoibríoch a chur chun cinn.  Táimid tiomanta do sheirbhís custaiméirí ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil ag cinntiú go gcuireann caighdeán, tapúlacht agus comhsheasmhacht na seirbhíse a chuirimid ar fáil leis an seirbhís do chustaiméirí, le meanma agus le spreagadh na foirne.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar