Press "Enter" to skip to content

Liostáil – Éascaitheoirí Don Óige Chruthaitheach

Ba mhaith le Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí (Kerry LCYP) deiseanna cruthaitheacha a fhorbairt do dhaoine óga agus chuige sin teastaíonn uainn liosta a chur le chéile do dhaoine gairmiúla atá ar fáil chun oibriú le leanaí agus/nó daoine óga ar thograí cruthaitheacha i gCiarraí. Beidh an liosta ar fáil go poiblí agus mar áis ar líne ar leathanaigh LCYP Chiarraí ar shuíomh idirlín BOO Chiarraí. Féadfaidh eagraíochtaí pobail, grúpaí agus seirbhísí éagsúla féachaint ar an liosta seo agus teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na daoine gairmiúla seo chun dul ag obair le leanaí agus daoine óga ar thograí cruthaitheacha.

Táimid ag lorg daoine gairmiúla don liosta seo a bhaineann úsáid as modhanna cruthaitheacha chun cabhrú le leanaí agus daoine óga iad féin agus a gcuid samhlaíochta a chur in iúl. I measc na ndaoine gairmiúla seo, áirítear ealaíontóirí, dearthóirí, déantúsóirí, léiritheoirí, beochantóirí agus eile i ngach réimse cruthaitheach agus cultúrtha agus ag tógáil san áireamh gach earnáil, genre, teicneolaíochtaí, foirm ealaíne agus disiplín ina mbaintear úsáid as an gcruthaitheacht.

Níl aon táille i gceist le bheith ar an liosta. Ní teistiméireacht ná moladh ó BOO Chiarraí/LCYP atá i gceist leis an liosta ach acmhainn a chuirfidh ar chumas eagraíochtaí pobail, grúpaí agus seirbhísí freastal ar riachtanais dhaoine óga. Is faoin eagraíocht/grúpa pobail nó seirbhís féin atá sé Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ar aon duine gairmiúil ar an liosta a earcaítear. Níl freagracht ná dliteanas ar BOO Chiarraí/LCYP maidir le haon cheist cosaint leanaí i leith an tríú páirtí ar an liosta, nó fáil a bheith ag an tríú páirtí ar an liosta. Tabhair do d’aire, go bhfuil BOO Chiarraí/LCYP ag feidhmiú de réir An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí atá i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018 agus iad ag cur an liosta seo le chéile. Tá BOO Chiarraí/LCYP tar éis tú a chur ar an eolas faoin saghas sonraí a bheidh againn fút agus tú ag iarraidh a bheith ar an liosta, an úsáid a bhainfear as na sonraí sin agus do chearta maidir le conas a phróiseálfar iad. Féach suíomh idirlín BOO Chiarraí le haghaidh tuilleadh eolais ar Pholasaí Cosaint Sonraí BOO Chiarraí agus Fógraí Príobháideachais:

Cosaint Sonraí (GDPR)

Séanadh: Níl BOO Chiarraí/LCYP ag moladh, go gairmiúil ná go pearsanta, aon duine atá ar an liosta. Níl aon fhreagracht d’aon saghas ar BOO Chiarraí i leith aon tríú páirtí a earcaíonn duine de na daoine gairmiúla ón liosta. Molann BOO Chiarraí/LCYP go ndéanfaí measúnú sa ghnáthshlí ar aon duine nó daoine a earcófar chun dul ag obair le leanaí nó daoine óga leochaileacha, is é sin le hagallamh, teistiméireachtaí a sheiceáil, agus i gcomhar le Lárbhiúró Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, agus treoirlínte reatha Cosaint Leanaí faoin Acht Tús Áite do Leanaí 2015.

Tabhair do d’aire: Chun iarratas le bheith ar an liosta a phróiseáil, ní mór freagra a thabhairt ar na ceisteanna a chuirtear.


  • Example: XXX has been working with young people in XXX (for example youth group, Youthreach, School, community or after-school) settings since (YEAR). XXX was educated at XXXX and has skills in XXX. (50 words max.)
  • Accepted file types: jpg, gif, png, jpeg, Max. file size: 10 MB.
    Maximum file size - 10 mega bytes.
  • Max. file size: 10 MB.
    Maximum file size - 10 mega bytes.
  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.
© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar