Press "Enter" to skip to content

Liosta d’Éascaitheoirí Cruthaitheachta

Ag teacht lenár dtiomantas cumas cruthaitheach a fhorbairt in earnáil na hóige i gCiarraí, táimid ag soláthar liostála de dhaoine gairmiúla atá ar fáil chun obair le leanaí agus / nó daoine óga ar thionscadail chruthaitheachta i gCiarraí a éascú. Tá taithí agus scileanna ag gairmithe agus NÍ MÓR iad a íoc as aon obair a bhfuil siad ag gabháil dó. Ní thairgeann siad seirbhísí, comhairle ná obair saor in aisce gan íocaíocht. Cinntigh le do thoil go n-íoctar rátaí cothroma leanúnacha.

Gheobhaidh eagraíochtaí, grúpaí agus seirbhísí pobalbhunaithe ar mian leo daoine cruthaitheacha a bheith páirteach ina gcuid oibre le leanaí agus le daoine óga acmhainn úsáideach do phleanáil tionscadal. I measc na ngairmithe atá liostaithe tá ealaíontóirí,

dearthóirí, déantóirí, léiritheoirí, beochantóirí ó gach cearn de na tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha a chuimsíonn gach earnáil, seánra, teicneolaíochtaí, foirmeacha ealaíne agus disciplíní ina ndéantar cruthaitheacht a chleachtadh. Níl an liostáil deifnídeach, ach tiomsaítear é ar bhonn leanúnach.

Tabhair do d’aire: Ní moladh ná faomhadh de chuid BOO/CAOI Chiarraí é an liosta. Aon eagras/grúpa nó seirbhís a fhostaíonn aon ghairmí cruthaitheach atá liostaithe, is dá gcúram fós go gcuirfear Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar ghairmithe cruthaitheacha. Ní ghlacann BOO/CAOI Chiarraí aon fhreagracht ná dliteanas maidir le ceisteanna cosanta leanaí ó thaobh iontráil tríú páirtí ar an liosta, ná rochtain tríú páirtí ar an liosta a chuirtear ar fáil.

Tabhair do d’aire: Nuair a liostaíonn sé Éascaitheoirí Cruthaitheachta, feidhmíonn BOO/CAOI Chiarraí de réir an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (RGCS) atá i bhfeidhm ó bhí an 25 Bealtaine 2018 ann. Tá Polasaí Cosanta Sonraí agus Fógraí Príobháideachta BOO Chiarraí ar fáil ar Shuíomh Gréasáin BOO Chiarraí agus tá tuilleadh eolais ar https://kerryetb.ie/organisational-support-development/corporate-capital-technologydepartment/data-protection-gdpr/

Fógra Séanta: Ní fhaomhann BOO/CAOI Chiarraí aon duine a bhaineann leis na healaíona, agus a bhfuil a mionsonraí sa liostú seo,  ar bhonn gairmiúil ná pearsanta. Ní ghlacann BOO Chiarraí le freagracht d’aon saghas as aon tríú páirtí a fhostaíonn daoine de lucht na n-ealaíon a bhfuil a mionsonraí sa liosta seo. Comhairlíonn BOO/CAOI Chiarraí go ndéantar aon duine a fhostaítear i gcomhair oibre le leanaí nó le daoine óga soghonta a mheasúnú sa ghnáthshlí, trí agallamh, seiceáil teistiméireachta agus i gcomhar le Biúró Grinnfhiosrúcháin an Gharda agus de réir treoirlínte reatha Cosanta Leanaí faoin Acht um Leanaí ar dTús 2015.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar