Press "Enter" to skip to content

Taispeántas Grianghrafadóireachta

Is taispeántas fíorúil é 21 and Us a léiríonn comhoibriú fiúntach idir mic léinn Grianghrafadóireachta, Teicneolaíocht an Cheoil agus Taibhiú Ceoil ó Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí. Is ceiliúradh é an taispeántas idirdhisiplíneach seo ar chruthaitheacht na mac léinn a thimpeallaíonn sinn le ceol agus íomhánna.

I mí Mheán Fómhair 2020 tháinig triúr mac léinn le chéile ar chúrsa grianghrafadóireachta. Is iad sin Jaanika Kalmet, Margaret Kennedy agus Nick Pleavin. Ón tús, spreag an grúpa fuinniúil seo a chéile. Bhí fuirseadh chun foghlama orthu agus ghríosadar a chéile chun punann álainn íomhánna a chur le chéile atá le feiceáil anseo sa taispeántas seo. Léiríotar sa taispeántas an t-aistear grianghrafadóireachta a thógadar le Portráidíocht, an Nádúr agus Ábhar Neamh-bheo. Feictear chomh maith a ndearcadh ealaíonta féin ar na téamaí sin leis an ionramháil atá déanta acu ar íomhánna chun teorainneacha a gcuid cruthaitheachta a fhiosrú.

De bharr na paindéime domhanda, ní raibh sé ar chumas na mic léinn oibriú i suíomh oibre ar feadh cuid den bhliain. In ainneoin an dúshláin sin, d’éirigh leo obair ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Feiceann tú sa taispeántas seo a scileanna mar ghrianghrafadóirí agus, ní hamháin sin, ach an scú chun oibre, an acmhainneacht agus an díograis atá acu chun íomhánna aoibhne a chruthú an aimsir neamhghnáthach seo.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar