Press "Enter" to skip to content

Treoir maidir le Scéim Deontais Óige Ildánach 2020

Réamhrá

Bunaíodh Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach Chiarraí sa bhliain 2019 chun treisiú le bearta cruthaitheachta don óige tar éis am scoile ar fud an chontae. Cuirtear maoiniú ar fáil ina leith faoi Cholún 1 Óige Ildánach mar chuid den chlár Éire Ildánach, trína gcuidítear le héiceachóras foghlama a chur chun tosaigh agus a chothú ina bhfuil leas á bhaint as eolas agus as bearta cruthaitheachta in éineacht chun daoine óga a thabhairt in inmhe. Is deis an Scéim Deontais faoi Óige Ildánach ag an gcontae cur isteach ar chistíocht a chuideodh le bearta cruthaitheachta don óige i gCiarraí i rith na bliana 2020.

 

Tá béim faoi leith ag an gclár Óige Ildánach go náisiúnta ar theacht a bheith ag dreamanna áirithe ar dheiseanna cruthaitheachta – mar shampla, daoine óga leochaileacha, déagóirí fir, daoine atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta agus dreamanna nua nó mionlaigh. Tag: “Arts and cultural participation among children and young people – Insights from the Growing Up in Ireland study”][1] I gCiarraí, tá constaicí maidir le rannpháirtíocht i gceist go fóill maidir le deis a bheith ag leanaí agus daoine óga páirt a ghlacadh i mbearta cruthaitheachta. I mí Iúil 2020, cuireadh in iúl do CÁÓI Chiarraí go bhfuil €50,000 breise á chur ar fáil i gCiarraí mar gheall ar an gclár Éire Ildánach. Tá suas le €20,000 den chiste sin ar fáil ag eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí óige, grúpaí óige, Ionaid Acmhainní Teaghlaigh agus soláthraithe san earnáil phríobháideach a chuireann beartaíocht cultúir agus cruthaitheachta ar fáil chun tionscadail óige a thabhairt chun cinn lena mbaineann ardleibhéal cruthaitheachta, nach bhfuil ar bun cheana féin, a bhfuil daoine óga i mbun ceannródaíochta orthu agus is féidir a thabhairt i gcrích faoi dheireadh mhí na Nollag 2020. Ní mór a leagan amach go soiléir san iarratas an tairbhe a dhéanfar do dhaoine óga agus aird a dhíriú ar an mbealach ina bhfostófar ealaíontóirí/dearthóirí/ceardaithe gairmiúla nó daoine a shaothraíonn go gairmiúil i dtionscal na cruthaitheachta chun cuidiú leis an tionscadal a thabhairt i gcrích. Táillí a íoctar le healaíontóirí gairmiúla an ghné den iarratas ar féidir cabhair airgid a thabhairt ina leith le deontas. Is féidir cabhair a thabhairt maidir leis an mbuiséad chun an tionscadal a thabhairt i gcrích. Ar an tionscadal a thabhairt chun críche a íoctar an deontas agus ní mór admhálacha a chur ar fáil ina leith. Tá fáilte roimh iarratais ó dhaoine óga i mbailte móra, i gceantair tuaithe, i sprioclimistéir, i ngrúpaí pobail agus i ngrúpaí iarscoile. Ní féidir ealaíontóir ná saothraí cruthaitheachta lena bhfuil Íocaíocht Éigeandála Phaindéim COVID-19 á íoc a fhostú chun tionscadal a chur i gcrích. Ní mór deimhniú nach bhfuil an íocaíocht sin á fháil ag an saothraí cruthaitheachta a sheoladh chuig BOO Chiarraí. Is féidir cabhair deontais i réimse idir €2,000 go dtí €5,000 a thabhairt. Ní féidir iarratais ar shuimeanna is lú ná is mó ná sin a thabhairt san áireamh. Is féidir costas an tionscadail féin a bheith níos mó ná sin ach ní mór an t-iarratas ar chabhair deontais a bheith idir €2,000 agus €5,000.

 

Eagraíochtaí/Seirbhísí/Tionscadail Incháilithe

Tá an scéim Deontais dírithe ar eagraíochtaí, ar eagraíochtaí pobail agus ar ghrúpaí atá dírithe ar an óige agus a chuireann oiread agus is féidir, i gcomhairle leis na daoine óga, lena gcuid rannpháirtíochta i gcúrsaí cruthaitheachta i gCiarraí agus a mhaolaíonn oiread agus is féidir na constaicí a bheadh roimhe sin.

 

  1. Spriocghrúpa

 

Beidh Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach Chiarraí ag díriú ar leanaí agus ar dhaoine óga idir 3 bliana d’aois agus 24 bliana d’aois.

 

  1. Treoirlínte maidir leis na hiarratais

 

Líon isteach an fhoirm iarratais atá leis seo

Ní mór cóip de Dheimhniú Imréitigh Cánach an iarratasóra nó Uimhir Thagartha Carthanais an iarratasóra a chur isteach leis an iarratas.

 

Sa chás go mbíonn cabhair uait leis an Léiriú Spéise a líonadh isteach, tá sin ar fáil ó:

Deirdre Enright, Comhordaitheoir, Óige Ildánach, BOO Chiarraí, Bóthar J. J. Mhic Shíthigh, Trá Lí.

Teil: 066 7193900      Fón póca: 085 8734946      Ríomhphost: denright@kerryetb.ie

 

  1. An tIarratas a chur isteach & Spriocdháta

 

Ní foláir an t-iarratas ón Eagraíocht, Seirbhís/Tionscadal nó club/grúpa deonach a chur faoi bhráid ar an ríomhphost chuig denright@kerryetb.ie faoin 5.00 i.n., Dé hAoine, an 25 Meán Fómhair 2020.

 

 

  1. Measúnóireacht ar an Scéim Deontais

Beidh measúnóireacht ar an scéim deontais á shocrú ag CÁÓI Chiarraí d’fhonn méid an tionchair a thomhas. Iarrfar, mar chuid den scéim deontais, ar gach iarratasóir a gceadaítear deontas dóibh páirt a ghlacadh sa phróiseas measúnóireachta agus clár tuairiscíochta agus foirm measúnóireachta a chur faoi bhráid maidir leis an tionscadal.

 

NÓTAÍ TÁBHACHTACHA

  • Níl am deontas á thairiscint ar bhonn réamhchistíochta. Cuirfear in iúl duit má cheadaítear an deontas agus tá de dhualgas ortsa an tráth sin an tionscadal a chur i gcrích. Ar an tionscadal a thabhairt i gcrích go sásúil agus admhálacha a chur ar fáil maidir leis an gcaiteachas, íocfar cistí an deontais. Ní mór airgead iomlán an deontais a cheadaítear a chaitheamh faoin 31/12/2020. Níl cistíocht deontais faoin scéim seo ar fáil maidir le hamharclannaíocht don óige sa chontae ó cuireadh ciste faoi leith ar fáil don earnáil sin níos luaithe i mbliana.
  • Ní ceart iarratas a chur isteach ar chistíocht do thionscadal nach féidir a thabhairt chun críche go hiomlán agus admhálacha agus cuntais ina leith a chur ar fáil roimh dheireadh na bliana 2020.
  • Ní foláir airgead ar bith a bhíonn fágtha gan caitheamh faoin 31 Nollaig 2020 a ghéilleadh do Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach Chiarraí/BOO Chiarraí.

 

  1. An Próiseas Breithnithe agus an Córas Marcála

Déanfar gach togra a scóráil i gcomhréir leis an scéim marcála a leagtar amach thíos. 100 marc an scór is airde is féidir a fháil.

 

Critéir Roghnúcháin Na Marcanna atá ar fáil
Fianaise ar an Riachtanas:

Ní mór don iarratasóir an riachtanas atá le cláir cruthaitheachta sa cheantar a leagan amach go soiléir agus a léiriú.   Ba cheart go dtiocfadh san áireamh leis sin fianaise a chur ar fáil maidir leis na gnéithe seo a leanas:

Ø  fianaise ó obair comhairliúcháin le daoine óga agus aon ábhar taighde a bhaineann le hábhar

Ø  fianaise go n-íocfar ealaíontóir/dearthóir/ceardaí/saothraí scannánaíochta/saothraí gairmiúil i dtionscal cruthaitheachta as oibriú leis an eagraíocht chun an tionscadal a thabhairt i gcrích

30
Acmhainn feidhme:

Ní mór don iarratasóir a thaispeáint go soiléir go bhfuil an eagraíocht/seirbhís/club/grúpa deonach in acmhainn an clár beartaithe a chur i gcrích agus go mbeidh na seirbhísí sa bhreis ar obair reatha na seirbhíse/eagraíochta.

 

Ø  go bhfuil an eagraíocht/seirbhís, club/grúpa óige deonach an clár cruthaitheachta beartaithe a chur i gcrích

Ø  go bhfuil an clár seo sa bhreis ar obair reatha an tionscadail

Ø  tréimhse an chláir, na huaireanta caidrimh agus líon measta na ndaoine óga a bheidh páirteach sa bheartaíocht

30
Tionchar:

A mhéid atá léirithe ag an iarratasóir:

Ø  an difríocht a dhéanfaidh an tionscadal cruthaitheachta beartaithe do shaol agus do chás na ndaoine óga

Ø  Monatóireacht agus Measúnóireacht ar an gclár

 

20
Luach an airgid:

Ø  A mhéid is féidir leis an iarratasóir a léiriú go gcuirfidh an chistíocht leis na cláir reatha agus leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil – an tráth céanna a seachnaítear dúbailt beartaíochta.

20

[1] http://www.artscouncil.ie/uploadedFiles/Arts-and-cultural-particiption-GUI.pdf

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar