Is údarás reachtúil oideachais agus oiliúna agus soláthraí seirbhísí Bunscoile, Iar-Bhunscoile agus Breisoideachais agus Oiliúna i gContae Chiarraí é Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí). Tá sé ina príomhpháirtí i gComhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí (LCYP Chiarraí), tionscadal a chuireann rochtain ar dheiseanna cruthaitheacha chun cinn do leanaí agus do dhaoine óga ina bpobail.
Ba mhaith le LCYP Chiarraí na deiseanna deontais seo a leanas a fhógairt in 2022:
1. Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí – Scéim Deontais Amharclann Óige 2021. Dáta Deiridh: Dé hAoine 28th Eanáir 2022.
2. Scéim Deontas Óige Cruthaitheach Dáta Deiridh: Dé hAoine 7 Bealtaine 2022 Is féidir leis na grúpaí seo a leanas iarratas a dhéanamh ar an scéim deontais: Eagraíochtaí cruthaitheacha nó cultúrtha áitiúla, comhlachtaí san Earnáil Phoiblí, Cuideachtaí nó carthanais neamhbhrabúis, Soláthraithe seirbhísí agus tionscadal cruthaitheach san earnáil phríobháideach lena n-áirítear ealaíontóirí, dearthóirí, déantóirí agus gairmithe ar fud na dtionscal cruthaitheach; Eagraíochtaí pobalbhunaithe, lena n-áirítear Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, Grúpaí Óige agus Soláthraithe Seirbhíse Óige ar mian leo cruthaitheacht a fhorbairt ina bpobal. |
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ag lorg iarratais ar mhaoiniú faoin dá shnáithe maoinithe agus fáiltítear roimh iarratais ar thionscadail faoi stiúir na hóige a thacaíonn le cruthaitheacht leanaí agus daoine óga i gCiarraí. Caithfear tionscadail a réadú in 2022.
Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil ó
Scéim Deontais Óige Ildánach Scéim Deontais Amharclann Óige
Seol aighneachtaí maidir le hiarratais trí ríomhphost amháin le do thoil chuig denright@kerryetb.ie faoi spriocdháta an iarratais. Ní ghlacfar ach le foirmeacha iarratais oifigiúla.
Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta. Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge. Dícháileofar iarrthóirí má dhéanann siad canbhasáil.
Sochaí Foghlama a Chruthú i gCiarraí