Press "Enter" to skip to content

Nóta Treorach maidir lena mbaineann le Léiriú Spéise

Réamhrá:

Tá cistíocht bhreise don bhliain 2020 ag Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach Chiarraí, arb é Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí an páirtnéir ceannródaíochta ann, faoi Chiste Spreagtha an Rialtais maidir le bearta cruthaitheachta don óige i rith na bliana 2020 i gCiarraí. Tá léiriú spéise á lorg ag CÁÓI Chiarraí faoi láthair ó eagraíochtaí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, ó dhreamanna pobail agus ó ghrúpaí ar suim leo oibriú i gcomhar ar thionscadail atá dírithe ar dhaoine óga atá leochaileach, i mbaol nó ar annamh a thugtar aird orthu agus a mbeadh imeallú nó aonrú á bhrath acu. Tá an ghairm scoile seo á fógairt d’fhonn cur le réimse agus le líon na dtionscadal óige a bhfuil tréithe na cruthaitheachta ag rith leo agus d’fhonn treisiú le beartaíocht le daoine óga a bhfuil próisis cruthaitheachta in úsáid ina leith. Tá d’aidhm leis an gciste beartaíocht i gcomhar a chur ar bun le heagraíochtaí, grúpaí pobail agus grúpaí deonacha, clubanna óige, eagraíochtaí cruthaitheachta agus clubanna cruthaitheachta san áireamh, ionas go dtiocfadh an ciste i gcion ar oiread daoine agus is féidir. Féachtar le cur leis na huaireanta a chloig caidrimh ag ealaíontóirí/saothraithe cruthaitheachta le daoine óga i mbun tionscadail, cláir, taighde nó imeachtaí trína gcuirtear cruthaitheacht dhaoine óga chun cinn ar bhealaí atá feiceálach, fiúntach, uilechuimsitheach.   Is féidir costais ghaolmhara breise a thabhairt san áireamh leis an léiriú spéise chomh maith, e.g. cíos ionaid, costas iompair agus ábhair. Ní mór ról tréan le guth na hóige sa tionscadal chomh maith, meas agus aird ar thuairimí na ndaoine óga. Ní hionann an léiriú spéise seo agus deontas a cheadú d’eagraíocht, is comhartha atá ann gur mian leis an eagraíocht oibriú i gcomhar leis an CÁÓI. Beidh de chúram i gcónaí ar an CÁÓI ealaíontóirí/teagascóirí cruthaitheachta a chur i leith thionscadal d’eagraíochta. Is féidir costais cláir a áireamh freisin maidir leis an gciste agus iad á n-íoc go díreach ag CÁÓI Chiarraí i BOO Chiarraí.

Gnéithe príomhthábhachta:

  1. Tionscadail a thagann faoi threoir dhaoine óga trí chomhairliúchán a bheith déanta le daoine óga d’fhonn a gcuid tuairimí a thiomsú.
  2. Tionscadail a bhfuil tréithe na cruthaitheachta ag rith leo maidir le hoibriú le leanaí agus/nó daoine óga atá imeallaithe agus a bhféadfadh míbhuntáiste a bheith á bhrath acu.
  3. Tionscadail a bhaineann le deiseanna nach bhfuil ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga faoi láthair.
  4. Tionscadail atá dírithe ar aoisghrúpaí idir 3 bliana d’aois agus 24 bliana d’aois.
  5. Tionscadail a sásaítear coinníollacha maidir le Cumhdach Leanaí ina leith.
  6. Torthaí tionscadail is féidir a thabhairt i gcrích roimh dheireadh na bliana

Nóta: Níl Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí faoi dhliteanas ar bith maidir le beartaíocht i gcomhar a choinneáil ar bun sa chás nach dtugtar tionscadal i gcrích nó sa chás, tar éis an tionscadal a cheadú, nach féidir le hiarratasóir é a thabhairt i gcrích.

 

Eagraíochtaí/seirbhísí/tionscadail Incháilithe:

Tá an scéim dírithe ar eagraíochtaí nó ar sholáthraithe seirbhíse san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach ar mian leo tionscadal cruthaitheachta saindírithe don óige a thabhairt i bhfeidhm i gcomhar le Kerry LCYP i mBord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.

Riachtanach:

  1. Líontar isteach gach cuid den léiriú spéise de réir mar a bhaineann leis an eagraíocht.
  2. Ní foláir cóip de Dheimhniú Imréitigh Cánach an iarratasóra a chur faoi bhráid leis an léiriú spéise.
  3. Sa chás go gcuirtear léiriú spéise faoi bhráid gan an fhaisnéis iomlán a thabhairt, tiocfaidh moill dá bharr sin. Ní móide go bhféadfaí iarratas den sórt sin a mheas agus d’fhéadfadh, dá thoradh sin, go gcaillfeadh an t-iarratasóir deis a bheith rannpháirteach sa Tionscnamh.

 

SPRIOCDHÁTA AN IARRATAIS:

Ní foláir an t-iarratas ón Eagraíocht, Seirbhís/Tionscadal nó club/grúpa deonach a chur faoi bhráid ar an ríomhphost chuig denright@kerryetb.ie faoin 5.00 i.n., Dé hAoine, an 25 Meán Fómhair 2020. Ní foláir an tionscadal a thabhairt i gcrích faoi dheireadh na bliana agus cuntais ina leith a chur ar fáil.

 

An Próiseas Breithnithe agus an Córas Marcála:

Déanfar gach Léiriú Spéise a scóráil i gcomhréir leis an scéim marcála a leagtar amach thíos.

55 marc an scór is airde is féidir a fháil.

 

Critéir Roghnúcháin Na Marcanna atá ar fáil
Fianaise ar an Riachtanas: Ní mór an riachtanas atá le breis bearta cruthaitheachta don óige a leagan amach go soiléir agus a thaispeáint sa léiriú spéise. Ba cheart go dtiocfadh san áireamh leis sin fianaise a chur ar fáil maidir leis na gnéithe seo a leanas:

·       bunús soiléir leis an ngá atá leis an tionscadal

·       fianaise go ndeachthas i gcomhairle le daoine óga nó gur féidir measúnacht riachtanais nó sonraí eile maidir le daoine óga a bhaineann le hábhar a chur faoi bhráid

25
Acmhainn feidhme / breisíocht: Ní mór a thaispeáint go soiléir sa léiriú spéise go bhfuil an eagraíocht/seirbhís in acmhainn an chomharobair bheartaithe a chur i gcrích agus go mbeidh sin sa bhreis ar obair reatha na seirbhíse/eagraíochta.

·       Taithí ar oibriú leis an spriocghrúpa leanaí agus/nó daoine óga a léiriú, nó taithí ar sheirbhísí de na cineálacha céanna a chur ar fáil.

·       Is féidir a dheimhniú nach dtarlóidh dúbailt seirbhíse de chineál ar bith sa cheantar mar gheall ar an tionscadal

·       Tréimhse an chláir, na huaireanta caidrimh agus líon measta na ndaoine óga a bheidh páirteach sa bheartaíocht

15
Tionchar agus cúrsaí inmharthanachta: A mhéid a léiríonn an t-iarratasóir:

an dífríocht a dhéanfaidh an tionscadal beartaithe do shaol na ndaoine óga agus an dóigh atá i gceist acu an tionscadal a choinneáil ar siúl i rith na mblianta amach romhainn

·       torthaí follasacha, a thiocfaidh i gcion ar an straitéis agus ar an tuiscint maidir le cruthaitheacht, aontú monatóireacht agus measúnóireacht a dhéanamh ar an mbeartaíocht i gcomhar

15

 

 

Sa chás go mbíonn cabhair uait leis an Léiriú Spéise a líonadh isteach, tá sin ar fáil ó:

Deirdre Enright, Comhordaitheoir, Óige Ildánach, BOO Chiarraí, Bóthar J. J. Mhic Shíthigh, Trá Lí.

Teil: 066 7193900       Fón póca: 085 8734946       Ríomhphost: denright@kerryetb.ie

 

Foirm maidir le Léiriú Spéise: Líontar le do thoil

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar