Press "Enter" to skip to content

GÚRÚNNA SA DEARTHÓIREACHT GHRAFACH

D’eagraigh LCYP Chiarraí agus FRC na Seanchoille ócáid dearthóireachta a raibh a thoradh le feiceáil sa saol mór. Tháinig na rannpháirtithe le chéile chun lógó a chruthú do Phlean Gaeilge Thrá Lí; An Ghaeilge i dTrá Lí, go hiontach! Ní raibh gá le taithí ar bith ar obair dearthóireachta roimh ré; smaointe maithe, fonn foghlama agus bunchleachtadh ar ríomhairí a úsáid na nithe a theastaigh. D’fhoghlaim na dearthóirí óga an tábhacht a bhíonn le sainchomhartha branda agus lena bpáirt féin sa bheart suntasach cultúir ba dheireanaí i gCiarraí. Tá an lógó ar crochadh anois ar bhalla oifig an Phríomh-Aoire i dTithe an Rialtais, oifig Sheáin Kyne T.D. – Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, 2019 (féach thíos).

© 2023 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Strategy Statement 2023-2027 – Building Your Future Learn more Ráiteas Straitéise 2023-2027 – Ag Tógáíl Do Thodhchaí Learn more
This is default text for notification bar