Press "Enter" to skip to content

ÉISTIGÍ! CEARDLANN FAOI CHÚRSAÍ AERÁIDE mar chuid de CHAIFÉ OÍCHE AN CHULTÚIR

Chuidigh an cheardlann ÉISTIGÍ! le grúpa de gach aois, daoine óga agus muintir Chathair Saidhbhín ar fad, treisiú leis an scil is fiúntaí fónta atá ag an duine: an cumas stad, cónaí agus éisteacht a dhéanamh. D’fhoghlaim ar tháinig i láthair san Ionad Pobail le meabhair a bhaint as gnéithe de scéal nach gcuirtear i láthair go neamhbhalbh agus tuiscint a fháil ar a bhfuil duine eile ag iarraidh a chur in iúl, an chuid sin den scéal san áireamh nach mian leis nó léi a rá amach go díreach. Cruthaíodh uirlisí ceoil as ábhar nádúrtha agus cuireadh críoch leis an oíche le bia agus caint i gCaifé Oíche an Chultúir agus leas á bhaint as na scileanna a foghlaimíodh.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar