Press "Enter" to skip to content
Ionad Breisoideachais & Oiliúna An Tóchair

Ionad Breisoideachais & Oiliúna An Tóchair

Tá Ionad Breisoideachais & Oiliúna An Tóchar lonnaithe i sráidbhaile tuathúil an Tóchair i dtuaisceart Chiarraí agus osclaíodh go hoifigiúil é i Márta 2003. Ó shin i leith, tá an t-ionad i gcroílár an phobail, ag cur réimse leathan cúrsaí ar mhaith le caitheamh aimsire agus cúrsaí creidiúnaithe ar fáil.

Tá an t-ionad lonnaithe ar bhreis is dhá acra d’fhearann, agus baintear úsáid as an gcuid is mó de do chúrsaí gairneoireachta éagsúla. Tá dhá pholathollán, seid do photaí agus úllord fairsing ann chomh maith.

Tá cistin lán-fheistithe san ionad ina reáchtáiltear cúrsaí QQI ó leibhéal 3 go 5, agus déanann scoláirí staidéar ar chúrsaí cócaireachta ar chúiseanna difriúla. Tá cuid acu féinfhostaithe san earnáil turasóireachta agus ag iarraidh uasoiliúint a fháil ar an méid eolais atá acu, tá cuid eile acu ag iarraidh dul ar aghaidh agus cúrsaí gairimiúla ag ardleibhéal a dhéanamh, agus tá cuid mhaith acu nach bhfuil ag iarraidh ach scileanna a fháil chun béilí sláintiúla a réiteach dá dteaghlach.

Is cuid lárnach dár gcuid cúrsaí í Tacaíocht Cúraim Sláinte, agus bíonn grúpa scoláirí againn gach bliain atá bríomhar, díograiseach agus paiseanta faoin obair sa réimse cúraim. Tá dlúthchaidreamh cothaithe againn le tithe altranais ar fud na tíre chomh maith le hospidéil, ina gcuireann ár scoláirí barr feabhais ar na scileanna agus ar an eolas atá acu le linn a gcuid tréimhsí taithí oibre.
Tá cúrsaí Cúram agus Oideachas na Luath-Óige ar chuid de na cúrsaí eile a chuirimid ar fáil agus bíonn an-tóir orthu i gcónaí. Cúrsaí ealaíne ina n-áirítear péinteáil, tarraingt, criadóireacht agus adhmadóireacht. Grúmaeireacht madraí ag leibhéal 5 QQI, agus d’éirigh le roinnt dár n-iarscoláirí a gcuid gnóthaí féin a oscailt i ndiaidh an chúrsa sin.

Cuirimid réimse fairsing cúrsaí faoin Oideachas Pobail ar fáil chomh maith, ó ióga, damhsa líne, agus zumba go healaín, snoíodóireacht adhmaid, cócaireacht, feasacht meabhairshláinte agus scileanna comhairleoireachta, beachaireacht, stair áitiúil agus ginealas.
Is cúrsaí páirtaimseartha iad ár gcúrsaí ar fad agus cuirtear ar fáil iad ag amanna a bheidh feiliúnach a bhfuil saol gnóthach teaghlaigh acu cheana féin.

Tá na cúrsaí seo á reáchtáil faoin Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas nó Oideachas Pobail.

Cuir isteach ar chúrsa

Ionad Breisoideachais & Oiliúna An Tóchair

Bainisteoir: Nora Knapp

[email protected]

Ionad Breisoideachais & Oiliúna An Tóchair
An Tóchar
Co. Chiarraí V92 HY52

066-7131977

info@antochar.ie

VIEW ON GOOGLE MAPS

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar