Press "Enter" to skip to content
Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Uí Chonaill

Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Uí Chonaill

Tá Ionad FET Uí Chonaill ainmnithe i ndiaidh an Fhuascailteora, Dónall Ó Conaill (1775-1847) a rugadh gar do shuíomh an ionaid. Bunaíodh Ionad FET Uí Chonaill in 1999 mar Ionad Oideachais d’Aosaigh nuair a rinneadh an Ghairmscoil, Scoil Uí Chonaill, agus na Meánscoileanna eile sa cheantar a chónascadh agus bunaíodh Coláiste na Sceilge dá thoradh.

Soláthraíonn Ionad FET Uí Chonaill i gCathair Saidhbhín réimse leathan deiseanna maidir leis an oideachas agus oiliúint do dhaoine fásta agus daoine óga, ó chúrsaí neamhchreidiúnaithe suas go Mórdhámhachtainí Leibhéal 6 QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann). Dírítear ar dhaoine atá ag iarraidh filleadh ar an oideachas, uasoiliúint a fháil nó scileanna nua a fhorbairt. Ag tacú le foghlaim fad saoil, is cuma cé tú féin nó cén áit ina bhfuil tú ar d’aistear.

Tá réimse leathan cúrsaí á dtairiscint ag an ionad go páirtaimseartha trí Oideachas Pobail agus cúrsaí atá creidiúnaithe ag QQI faoi BTEI (Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas), amhail gairneoireacht, cúram sláinte, cúntóireacht riachtanas speisialta, miondíolachán, cáilíochtaí ríomhaireachta agus párolla. Más rud é go bhfuil tú ag filleadh ar an oideachas, is ag tabhairt faoi thaithí thairbheach agus thaitneamhach a bheidh tú. Cuir le do mhisneach, bain cáilíocht amach, buail le daoine nua agus cuir feabhas ar do dheiseanna fostaíochta agus dul chun cinn.

Cuir isteach ar chúrsa

Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Uí Chonaill

Bainisteoir: Deirdre Fitzgerald

086-0460506

[email protected]

 

Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Uí Chonaill
Bóthar Carhan
Cathair Saidhbhín
Co. Chiarraí V23 X235

066-9472414

info@oconnellcentre.ie

VIEW ON GOOGLE MAPS

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar