Press "Enter" to skip to content
Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Neidín

Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Neidín

Tá Ionad Breisoideachais & Oiliúna Neidín lonnaithe ar bhruach an bhaile ghleoite Neidín, agus cuirtear cúrsaí (Leibhéal 1 – 6 QQI) a bhfuil údarás náisiúnta acu laistigh den earnáil Breisoideachais agus Oiliúna ar fáil ann. Cuirtear Mórdhámhachtainí (Leibhéal 4 – 6 QQI) i Scileanna Fostaíochta ar fáil san ionad: Gnó Turasóireachta & TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Chumarsáide); Cúram Sláinte: Cúram Leanaí: Gairneoireacht: Ealaín: Cócaireacht Ghairmiúil agus Printíseacht Commis Chef, a reáchtáiltear in ionad oiliúna cócaireachta den scoth.
Maille leis sin, tá an tIonad FET seo ag cur topaicí ábhair aonair creidiúnaithe ar fáil amhail: Leabharchoimeád, Párolla, Scarbhileoga, Dearadh Gréasáin, Tarraingt, Péinteáil & Potaireacht. Áirítear na topaicí seo a leanas ar na cúrsaí agus ceardlanna neamhchreidiúnaithe (‘féinmhaoinitheach’) a chuirtear ar fáil: Raku, Baitíc, Péinteáil Síoda, Hoiméapaite, Word Press, Cothú, Anailísíocht Google, Cúrsa Garchabhrach Athnuachana, léaráid Lusanna & Garraíodóireacht.

Tá gairdín orgánach lán-chreidiúnaithe ag an Ionad chomh maith, agus tá an tSeirbhís Litearthachta d’Aosaigh & Oideachais Bhunúsaí lonnaithe san Ionad freisin.

Cuir isteach ar chúrsa

Bainisteoir: Michael Broderick

manager@kenmareaec.ie

Ionad Breisoideachais agus Oiliúna NeidínArdán na Cloig
Neidín
Co. Chiarraí V93 K5CV

064 664 1157

info@kenmareaec.ie

© 2023 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Strategy Statement 2023-2027 – Building Your Future Read our statement Ráiteas Straitéise 2023-2027 – Ag Tógáíl Do Thodhchaí Léigh ár ráiteas
This is default text for notification bar