Press "Enter" to skip to content
Ionad Breisoideachais agus Oiliúna an Daingin

Ionad Breisoideachais agus Oiliúna an Daingin

Tá Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) an Daingin suite i gcroílár an bhaile agus tá cúrsaí creidiúnaithe agus neamhchreidiúnaithe á gcur ar fáil ann do dhaoine fásta i gceantar Chiarraí Thiar ó osclaíodh é in 2017.

Cuirtear cúrsaí ar fáil ar bhonn páirtaimseartha, cúrsaí ar réimse leathan disciplíní mar Cúram Sláinte, Gairneoireacht, Teicneolaíocht Faisnéise, na hEalaíona agus Ceardaíocht.

Cuirtear cúrsaí ar fáil ar an mbonn páirtaimseartha sin chun a chur ar chumas foghlaimeoirí cur leis an eolas agus scileanna atá acu ar luas a oireann don cineál saoil agus na sceidil atá acu.

Tá Tacaíocht Cúraim Sláinte L5 ar cheann de na príomhchláir ina mbronnaimid mórdhámhachtain. Cuirtear ábhair chreidiúnaithe aonair eile ar fáil ag leibhéil éagsúla mar Cúntóireacht Riachtanais Speisialta, Comhionannas & Míchumas, Síceolaíocht, Staidéar Iompraíochta, Scileanna Oifige, na Meáin Dhigiteacha, Inniúlacht ar Ríomhairí, Gairneoireacht, Gloine Dhaite.

Reáchtáiltear réimse éagsúil cúrsaí neamhchreidiúnaithe le linn gach téarma freisin. Tá na cúrsaí sin leagtha amach do dhaoine atá ag iarraidh scileanna nua a fhorbairt agus casadh le daoine nua fad is a chuireann siad leis an eolas atá acu ar réimse spéise ar leith mar seandálaíocht, cothú, grianghrafadóireacht, fíodóireacht ciseán, seodra a dhéanamh, cuilteáil, sleabhcadh gloine, mósáicí, scríbhneoireacht chruthaitheach, teangacha, cógas luibhe agus garraíodóireacht.

Cuirimid ceardlanna ar mhargaíocht a dhéanamh ar do ghnó ar líne ar fáil, ar Excel, agus ar ábhair maidir le maireachtáil go hinbhuanaithe mar athchúrsáil, polathollán a shocrú suas, éanlaith chlóis agus beachaireacht freisin.

Cuireann Ionad FET an Daingin foghlaim feadh saoil chun cinn agus féachann le freastal ar riachtanais dhaoine aonair agus riachtanais phobail atá de shíor ag athrú trí oideachas d’ardchaighdeán agus inrochtana a chur ar fáil. Cuirtear na cúrsaí ar fáil i dtimpeallacht chairdiúil agus ina dtugtar tacaíocht, a spreagann agus a ghríosaíonn daoine fásta leanúint de bheith ag cur leis an eolas agus scileanna atá acu.

Cuir isteach ar chúrsa

Ionad Breisoideachais agus Oiliúna an Daingin

Bainisteoir: Eithne Boland

[email protected]

(066) 915 2361

Ionad Breisoideachais agus Oiliúna an Daingin
Tigh na Ríseach
Sráid na nGabhar
Daingean Uí Chúis
Co. Chiarraí V92 F952

(066) 915 2361

[email protected]

FIND US ON GOOGLE MAPS

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar