Press "Enter" to skip to content
Saolré Daltaí/Mac Léinn Iontráil

Saolré Daltaí/Mac Léinn Iontráil

Iontráil

Tá forbairt déanta in imeacht ama ar réimse de Pholasaithe Iontrála do choláistí/lárionaid BOO Chiarraí. Leagtar amach sna polasaithe sin an cineál eolais a thugtar d’fhoghlaimeoirí faoin gcúrsa:

  • Riachtanais iontrála
  • Critéir roghnúcháin
  • Ábhar agus fad na gclár
  • Sonraí agus riachtanais na ndámhachtainí
  • Táillí, deontais agus liúntais

Tá sé mar aidhm ag BOO Chiarraí polasaí iontrála aonair a chur i bhfeidhm mar aon le nós imeachta aonghnéitheach chun FET a chur ar fáil. Leagfaidh an Bord um Rialachas Clár fócas ar leith ar pholasaí agus nósanna imeachta a bhaineann le hiontráil clár.

  1. a) Do na cláir dhearbhaithe reatha, bheadh na critéir rochtana clár mar bhunús leis na híosriachtanais iontrála do chúrsaí. Foilseoidh coláistí/lárionaid na critéir iontrála ina leagfar amach:

Na híosriachtanais don fhoghlaim i gcoitinne

An Cháilíocht a nglacfar léi mar léiriú go bhfuil na riachtanais ghinearálta foghlama sásaithe.

Na hÍosriachtanais foghlama saindisciplíne

Na cáilíochtaí atá bainteach le hábhar a nglacfar leo mar léiriú go bhfuil na riachtanais ghinearálta foghlama sásaithe.

Na híosriachtanais inniúlachta ar an teanga

Déanfaidh riachtanais iontrála do chúrsa tagairt don teanga ina gcuirfear an cúrsa ar fáil, agus don fhianaise a chaithfidh iarratasóirí nach cainteoirí dúchais iad a chur ar fáil chun líofacht na teanga a léiriú.

  1. b) Tabharfar mionsonraí faoi na riachtanais shonracha iontrála do chláir i gcáipéisíocht dhearbhaithe clár do chláir nua

Tacóidh an tAonad QA leis an bhforbairt ar pholasaí iontrála amháin agus ar nós imeachta aonghnéitheach don soláthar FET. Ullmhófar tuarascálacha iontrála ag leibhéal lárionaid tar éis gach cohóirt d’iontrálacha foghlaimeoirí. Beidh eolas faoi iontrálacha neamhchaighdeánacha, cáilíochtaí agus tagairtí faoi ionduchtú agus/nó próisis iontrála mar chuid den tuarascáil sin. Tabharfaidh sonraí faoi iontrálacha cúrsaí treoir don fhorbairt agus don fheabhsúchán ar na próisis iontrála ar cháilíocht dhearbhaithe.

Déanann an t-iarratasóir féin iarratais ar Chláir BOO Chiarraí (seachas na Cláir Phrintíseachta) a thaifeadadh ar Fhoirm Taifeadta Foghlaimeora aonair aonghnéitheach trí fetchcourses.ie . Déantar an próiseas iarratais agus an taifeadadh air sin do chláir Phrintíseachta trí Phróiseas náisiúnta clárúcháin arna bhainistiú ag SOLAS.

Aistriú

Tá deiseanna ar fáil faoi láthair chun aistriú ó chlár amháin go dtí clár eile a cheadaíonn teastasú ag an leibhéal céanna. Tá an t-eolas maidir le socruithe sonraithe aistrithe a bhaineann le haon chlár ar leith cineálach seachas a bheith dírithe ar aon chlár ar leith, agus tá BOO Chiarraí aireach faoin gcás nach gá go n-aistreodh an t-eolas, an scil agus an inniúlacht a fuarthas i gclár amháin chuig comhthéacs difriúil cláir gan breis foghlama a dhéanamh. Faoi láthair, is iad na bainisteoirí lárionaid a chinntíonn an féidir an t-eolas, an scil agus an inniúlacht a fuarthas trí chlár ar leith a aistriú gan breis foghlama a dhéanamh (i.e. inaistritheacht creidiúintí a chinntiú). Tugann gach clár nua eolas faoi aistriú creidiúintí agus tá sé i gceist ag BOO Chiarraí soiléiriú a dhéanamh ar an aistriú creidiúintí a bhaineann le gach clár dearbhaithe. Sonrófar na creidiúintí modúil clár a aistreoidh chuig clár ainmnithe gan aon fhoghlaim bhreise.

Dul chun cinn

Tuairiscíonn BOO Chiarraí go bliantúil faoi na torthaí d’fhoghlaimeoirí atá ag úsáid an chórais um Iarratais agus Aischuir Leithdháilte Maoinithe (FARR). Tá freagracht ar bhainisteoirí na lárionad as súil a choinneáil ar dhul chun cinn na bhfoghlaimeoirí:

  1. a) Tuairisciú ar bhliain an chríochnaithe
    b) Taifead ar stádas dhul chun cinn na bhfoghlaimeoirí tar éis an cúrsa a chríochnú

Tá fócas ar leith leagtha anois ar dhul chun cinn an fhoghlaimeora tríd an gcóras rialachais. Tabharfaidh na sonraí a bhaineann le dul chun cinn eolas d’fhorbairt na gclár agus d’fheabhsú na gclár araon. Déanfaidh an Bord um Rialachas Clár athbhreithniú ar thuarascálacha comhdhlúthaithe faoi dhul chun cinn an fhoghlaimeora le haghaidh athbhreithnithe níos leithne ar phleanáil agus cláir;

Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL)

Tá dul chun cinn déanta ag BOO Chiarraí maidir le haitheantas réamhfhoghlama, lena n-áirítear foghlaim ó thaithí roimh ré. Mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta sa réimse sin, tá BOO Chiarraí ag feidhmiú anois faoin bPolasaí agus Nósanna Imeachta QA don Aitheantas Réamhfhoghlama seo a leanas.

Gearáin

Lena chois sin, tá dul chun cinn déanta ag BOO Chiarraí maidir leis an leagan amach atá ar an nós imeachta gearáin foirmeálta. Tá gearáin ina bhfoinse thábhachtach aiseolais faoi fheidhmíocht sheirbhísí agus bhaill BOO Chiarraí. Déanfaidh Comhairle Cáilíochta BOO Chiarraí monatóireacht ar chlárú gearán agus ar an dul chun cinn i dtreo réitigh. Cuirfidh na Bainisteoirí Lárionaid sliocht faoi ghearáin ina dtuarascálacha bliantúla chuig an gComhairle Cáilíochta – ag cinntiú go ndéanfar monatóireacht ar threochtaí na ngearán, go n-aithneofar cúinsí ábhartha cáilíochta agus go ndíreofar orthu.

An Cairt Custaiméirí

Tá cairt custaiméirí curtha i dtoll a chéile ag BOO Chiarraí ina bhfuil cur síos ar an leibhéal seirbhíse ar chóir don phobal a bheith ag súil leis ó BOO Chiarraí mar eagraíocht seirbhíse poiblí.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar