Press "Enter" to skip to content

Acmhainní agus Tacaíocht d’Fhoghlaimeoirí

Maoiniú agus Acmhainní do theagasc agus foghlaim

Comhlánaíonn BOO Chiarraí Iarratas Leithdháilte Maoinithe (FARR) go bliantúil chun a chinntiú go gcuirfear maoiniú agus acmhainní ar fáil le haghaidh teagaisc agus foghlama.

Acmhainní agus Tacaíochtaí

Cuirtear treoir foghlaimeora, tacaíocht acadúil agus tacaíocht shíceolaíoch ar fáil d’fhoghlaimeoirí atá cláraithe ar chúrsa BOO Chiarraí. Tá príomhoidí na gcoláistí agus Bainisteoirí na Lárionad freagrach as eolas a sholáthar faoi na tacaíochtaí d’fhoghlaimeoirí atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí cláraithe. Faigheann coláistí BOO Chiarraí leithdháileadh maoinithe chun seisiúin threoracha agus chomhairleoireachta a chur ar fáil. Cuireann Seirbhís Treorach d’Aosaigh Chiarraí treoir fhoghlaimeora ar fáil dóibh sin atá cláraithe ar chúrsaí ag Lárionaid FET.

Tugann na Lárionaid Tacaíochta Foghlama ag Coláiste Chiarraí Campas Bhóthar na Claise Thuaidh tacaíocht d’iarratais foghlaimeoirí chuig an Údarás um Ard-Oideachas chun teicneolaíocht oiriúnaitheach a mhaoiniú. Tá na Bainisteoirí Lárionaid freagrach as a chinntiú go ndéanfar socruithe chun teicneolaíocht oiriúnaitheach a mhaoiniú d’fhoghlaimeoirí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu agus atá ar chúrsaí seachas cúrsaí PLC. Tá tacaíocht foghlama, múnlaithe ar an gcineál tacaíochta a thugtar sna Lárionaid Tacaíochta Foghlama, i bhfeidhm anois do Chláir Phrintíseachta. In 2017, forbraíodh agus foilsíodh na hacmhainní seo a leanas a dhíríonn ar litearthacht agus scileanna matamaitice a fheabhsú:

Aithníonn BOO Chiarraí an luach a bhaineann le cabhair ghníomhach a thabhairt d’fhoghlaimeoirí chun a bhfolláine mheabhrach a chothabháil. Taobh istigh de gach lárionad, agus do gach cúrsa, tá freagracht curtha ar dhuine ainmnithe chun déileáil le hábhair imní na bhfoghlaimeoirí ar bhonn cáis ar chás. Lena chois sin, tá an tSeirbhís Tacaíochta Síceolaíoch ar fáil do dhaltaí/mhic léinn in ionaid Ógtheagmhála. Déileálann an tSeirbhís Tacaíochta Síceolaíoch le teagmhais chriticiúla a tharlaíonn taobh istigh d’fhoráil FET BOO Chiarraí.

Tá BOO Chiarraí ag súil go mbeidh aistear foghlama tairbheach agus taitneamhach ag gach foghlaimeoir. Tá Lámhleabhar an Fhoghlaimeora curtha le chéile ag BOO Chiarraí chun comhairle agus eolas a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí ionas go mbeidh siad ábalta an tairbhe is fearr a bhaint as an tréimhse a chaitheann siad ag staidéar le BOO Chiarraí. Tá eolas ann faoi Ag Cur Aithne ar BOO Chiarraí, Ag Ullmhú chun Foghlama, Ag Ullmhú don Mheasúnú agus Ag Tuiscint an Luach a bhaineann le do Cháilíocht. Is áis é d’fhoghlaimeoirí atá ag cur tús le agus ag freastal ar chúrsaí in ionaid, coláistí, cláir agus cúrsaí de chuid BOO Chiarraí.

Treoirlínte don Fhoghlaim le cuidiú Teicneolaíochta 2021/2020

Is cuid laethúil é an teicneolaíocht den mhúineadh agus den fhoghlaim. Saibhríonn sé an cleachtas sa tseomra ranga agus gníomhaíochtaí féin-dhírithe. Ag baint úsáide as an teicneolaíocht, méadaíonn ar do chumas digiteach agus ar do mhuinín agus tú ag foghlaim, ag maireachtaint agus ag obair. Tá eolas agus acmhainní úsáideacha sna treoirlínte seo maidir le conas úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha ar shlí sábháilte agus éifeachtach. Is féidir teacht ar na treoirlínte anseo

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar