Press "Enter" to skip to content

Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara

Prionsabal lárnach den cháilíocht is ea go bhfeabhsaítear cumais theagaisc agus fhoghlama, agus go gcuirtear cultúr d’fheabhsúchán leanúnach agus d’fhoghlaim eagraíochtúil chun cinn ionas go mbíonn muinín ag na páirtithe leasmhara go léir as cáilíocht agus ábharthacht na gclár atá ag BOO Chiarraí.

Mar Sholáthróir Comhordúcháin don Chlár Printíseachta Nua, tá BOO Chiarraí ag feidhmiú freisin faoi na Nósanna Imeachta Dearbhaithe Cáilíochta don Chlár Náisiúnta Printíseachta Commis Chef. Tá comhpháirteachas na bpáirtithe leasmhara, go háitiúil agus go náisiúnta, lárnach don Chlár Náisiúnta Printíseachta Commis Chef.

Pleanáiltear soláthar FET ar bhunús na riachtanas atá ag an gcliant agus ag an margadh fostaíochta. Tá sé i gceist ag BOO Chiarraí an próiseas sin a neartú trí dhíriú ar rannpháirtíocht fostaithe a fheabhsú agus méadú a chur ar phrintíseachtaí/chúrsaí oiliúna nua atá tionscanta ag FET mar aon le cineálacha foghlama eile atá bunaithe ar obair agus feabhas a chur ar an bhforáil ábhartha reatha FET chun torthaí arda fostaíochta a chur ar fáil.

Tá ceangaltais áirithe curtha in iúl ag BOO Chiarraí do Chomhpháirteachas Páirtithe Leasmhara ina ráiteas straitéise. Leagann Sprioc 6 fócas ar leith ar chumarsáid a dhéanamh le foghlaimeoirí, baill foirne, fostaithe, comhpháirtithe, an pobal agus gníomhaireachtaí eile mar aon le soláthróirí oideachais chun feabhas a chur ar cháilíocht, fócas agus ábharthacht sheirbhísí BOO Chiarraí. Déanfar athbhreithniú ar chomhairlí mac linn reatha i gcoláistí/lárionaid BOO Chiarraí agus déanfar gníomhaíochtaí feabhsúcháin chun na fóraim sin a fheabhsú.

Tá sé i gceist ag BOO Chiarraí méadú a chur ar an rannpháirtíocht fostaithe ar fud na gCúrsaí Teastais iar-Ardteistiméireachta atá aige agus taithí oibre neamhdheimhnithe níos faide a bheith i gceist i rith shaoirí na Cásca agus an tsamhraidh. Cuirfidh sé sin, i gcomhar le huaireanta teagaisc bhreise do chroímhodúil agus tacaíocht foghlaimeoirí, méadú ar na rátaí coinneála agus críochnaithe mar aon le torthaí níos airde a bheith ar shocrúcháin/fhostaíocht na bhfoghlaimeoirí.

Leis na struchtúir nua rialachais QA (an Bord um Rialachas Clár agus an Bord um Rialachas Dhearbhú Cáilíochta), cuirtear i bhfeidhm an dlúthpháirtíocht atá ag ionadaithe tionscail agus foirne. Faoi láthair, tá BOO Chiarraí ag measúnú cén bealach le hionadaíocht a thabhairt d’éagsúlacht a fhoghlaimeoirí ina rialachas ballraíochta agus beidh sé i dteagmháil leis an earnáil BOO i dtaca leis sin.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar