Press "Enter" to skip to content

Rannpháirtíocht le comhlachtaí eile

Caidrimh le páirtithe eile atá páirteach in oideachas & oiliúint

I gcomhthéacs an fheabhsaithe cáilíochta is le QQI, le SOLAS, le comhbhoird oideachais agus oiliúna atá ina gcomharsholáthróirí ar chláir phrintíseachta nua arna gcomhordú ag BOO Chiarraí agus le forais cháiliúcháin eile a bhfuil príomhchaidrimh sheachtracha ábhartha ag BOO Chiarraí.

Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)

Tá ceanglas ar BOO Chiarraí; de réir Alt 30 den Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 ceadú a iarraidh maidir lena nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta (QA).  Cheadaigh QQI cláir Bhreisoideachais agus Oiliúna agus seirbhísí an QAP do BOO Chiarraí  i Meitheamh 2018.  Is próiseas leanúnach é bearta agus nósanna imeachta ar leith a fhorbairt – agus Treoirlínte QQI QA ag tabhairt treoir dhíreach do réimsí éagsúla dár QAP.

  1. Treoirlínte Reachtúla um Dhearbhú Cáilíochta Croíláir
  2. Treoirlínte Reachtúla um Dhearbhú Cáilíochta Earnáil Oiriúnaithe do Bhoird Oideachais agus Oiliúna
  3. Treoirlínte Reachtúla um Dhearbhú Cáilíochta Ábhair Oiriúnaithe do Sholáthraithe Cláir Phrintíseachta Reachtúla

Tá freagracht ar leith ar BOO Chiarraí faoin Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012.  Sa gcomhthéacs sin- táimid ar an eolas maidir le ról an QQI go sásaítear na freagrachtaí sin agus táimid buíoch go n-aithníonn an QQI an t-athrú suntasach eagraíochtúil atá ar bun ar fud an tsoláthair Breisoideachais agus Oiliúna (FET) atá againn agus an tacaíocht a chuireann sé ar fáil i ndáil lenár gcuid oibre chun creat nós imeachta comhtháite a chur chun cinn a chuirfidh a QAP i bhfeidhm ar fud an tSoláthair FET araon.

SOLAS

Eagraíocht stáit í SOLAS atá freagrach as maoiniú, pleanáil agus comhordú FET, agus tá páirt mhór ag SOLAS i seirbhísí BOO Chiarraí. Tá tosaíochtaí d’infheistíocht agus d’fhorbairt na hearnála FET leagtha síos i gComhaontú Feidhmíochta Straitéisí 2020 – 2023 Tugann na tosaíochtaí sin treoir do BOO Chiarraí maidir lena chuid seirbhísí FET a fhorbairt.

Comharsholáthróirí – Cláir Phrintíseachta Nua

Is soláthróir comhordúcháin é BOO Chiarraí don Phrintíseacht Commis Chef.  Tá Meabhráin Chomhaontaithe (MOA) i bhfeidhm le sé chomharsholáthróirí.  Thug BOO Chiarraí faoi mhonatóireacht cáilíochta in 2019 le roinnt dár gcomharsholáthróirí.  Cuirtear tuarascálacha comhdhlúthaithe maidir leis an gclár a sholáthar faoi bhráid an Bhoird Náisiúnta Clár ar bhonn ráithiúil.  Cuirtear tuarascálacha maidir le dul chun cinn printíseach; lena n-áirítear torthaí, faoi bhráid an Bhoird Scrúduithe Náisiúnta chun moltaí a dhéanamh leis an gComhairle Cáilíochta. Déanann Comhairle Cáilíochta BOO Chiarraí  torthaí náisiúnta maidir le Ardteastas sna hEalaíona Cócaireachta  a bhaint amach a dhaingniú.

Forais cháiliúcháin eile

Feidhmíonn cúrsaí a bhaineann le forais cháiliúcháin eile faoinár Nósanna Imeachta Dearbhaithe Cáilíochta (QAP).  Tá ár socruithe dearbhaithe cáilíochta (QA) faoi úinéireacht soláthróra agus cuimsitheach.  – cuimsíonn sin gach cúrsa agus seirbhís a bhaineann leo cibé má bhíonn dámhachtain QQI agus/nó dámhachtain eile a dtugtar aitheantas dóibh faoin gcreat cáilíochtaí mar thoradh orthu nó nach mbíonn.  Tá socruithe QA ag BOO Chiarraí leis na forais cháiliúcháin seo a leanas:

  1. City and Guilds
  2. CIDESCO
  3. ITEC agus CIBTAC

Tá sraith aonair polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtais i bhfeidhm ar fud BOO Chiarraí – ag dearbhú cáilíocht ár gclár agus seirbhísí ag leibhéal soláthróra. Cuimsítear socruithe ar fad QA le forais cháiliúcháin eile laistigh den tsraith aonair polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtais sin.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar