Press "Enter" to skip to content
Dearbhú Cáilíochta FET

Dearbhú Cáilíochta FET

Dearbhú Cáilíochta i ndáil le Breisoideachas agus Oiliúint

Tá ceanglas ar BOO Chiarraí; de réir Alt 30 den Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 ceadú a fháil maidir lena Nósanna Imeachta Dearbhaithe Cáilíochta (QAP).  Ceadaíodh an QAP do chláir Bhreisoideachais agus Oiliúna agus seirbhísí BOO Chiarraí i Meitheamh 2018.  Is próiseas leanúnach é polasaithe agus nósanna imeachta ar leith a fhorbairt.  Le linn na bliana 2020, beidh muid ag comhtháthú QAP bunaithe ar fud sholáthar FET agus déanfar seo roimh Athbhreithniú  tionscnaimh an QQI ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna, agus sula ndéanfar tuilleadh forbartha ar QAP ar leith a thabhairt ar aghaidh.  Príomhréimse ar a mbeifear ag díriú air maidir le gníomhaíocht feabhsaithe cáilíochta in 2020 ná mar a oibríonn na nósanna imeachta measúnaithe agus an nós imeacht nua i ndáil le ceadú, forbairt agus deimhniú cláir.

Déantar cur síos sna codanna a leanas ar an gcur chuige uileghabhálach agus ar pholasaí cáilíochta BOO Chiarraí.  Is ag teacht leis na naoi sprioc atá leagtha amach i Straitéis Oideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí do 2018-2022  atá forbairt agus cur i bhfeidhm ár QAP.

Forbhreathnú ar rialachas, polasaithe agus nósanna imeachta inmheánacha QA

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar