Press "Enter" to skip to content

Foghlaim Teaghlaigh

Family Learning

Is iad na tuismitheoirí oidí an linbh ón tús. Tá spreagadh agus cúnamh ar fáil faoi na cláir maidir le foghlaim teaghlaigh ag tuismitheoirí, seantuismitheoirí, caomhnóirí agus cúramóirí a bhfeictear dóibh an tábhacht atá le cúnamh a thabhairt don leanbh foghlaim ar scoil agus sa bhaile. Spreagtar iad freisin le hoibriú ar a gcuid scileanna litearthachta agus uimhearthachta féin.

Tá tuiscint agus dearcadh mar seo a leanas ag daoine atá páirteach san fhoghlaim teaghlaigh-

  • tarlaíonn an fhoghlaim sa bhaile chomh maith leis an scoil
  • ní mór don leanbh cúnamh a fháil chun deiseanna foghlama a thapú
  • is tábhachtach an rud oibriú i gcomhar le múinteoir an linbh
  • trí fheabhas a chur ar a gcuid scileanna féin, táthar ag cuidiú leis an leanbh foghlaim chomh maith
  • is beartaíocht feadh saoil an fhoghlaim

Roinnt de na cúrsaí atá ar fáil:

  • Bia Folláin / Cothú ón mBia
  • Cuidigh le mo chuid leanaí foghlaim
  • Gaeilge do Thuismitheoirí
  • An t-athair agus mac an athar
  • Adhmadóireacht
  • Tuiscint ar na Meáin Shóisialta

Más mian leat cur isteach ar cheann ar bith de na cúrsaí thuasluaite, is féidir labhairt leis an Eagraí áitiúil maidir le Litearthacht do Dhaoine Fásta nó logáil isteach ar https://www.fetchcourses.ie/

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar