Press "Enter" to skip to content

Dianteagasc in Oideachas Bunúsach don Duine Fásta (ITABE)

Tuition

Leis an tionscadal maidir le Dianteagasc in Oideachas Bunúsach don Duine Fásta, tugtar deis do dhaoine fásta ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Scileanna Buntábhachta dianteagasc a fháil ina leith. Is é atá de chuspóir leis an gclár deis a thabhairt do na rannpháirtithe, i ngrúpaí idir 6-8 foghlaimeoir, sé uair a chloig teagaisc a thapú ar feadh tréimhse 14 seachtaine i gcodarsnacht le dhá uair a chloig ar an meán mar a chuirtear ar fáil faoi láthair.

 

Bíonn ábhar as na réimsí seo a leanas san áireamh leis an gcúrsa ITABE:

  • Scileanna Cumarsáide: Léamh / Scríobh / Litriú / Uimhearthacht
  • Foghlaim le Foghlaim Stíleanna Foghlama a Thuiscint / Scileanna Staidéir / Treoir Oideachais
  • Buneolas ar Theicneolaíocht an Eolais: Bunchúrsa maidir le Ríomhairí / an tIdirlíon

Tugtar deis do lucht an chúrsa creidiúnú CCÉ a gnóthú más mian leo sin, ach is dá rogha féin sin agus ní gné éigeantach den chúrsa atá ann. Déantar measúnú ar scileanna litearthachta / uimhearthachta na rannpháirtithe go léir ag tús an chúrsa agus ag a dheireadh le deis measúnachta atá leagtha amach go sonrach lena aghaidh sin. Cuidíonn an beart measúnachta sin leis na teagascóirí cúrsa a leagan amach a oireann do riachtanais an fhoghlaimeora.

Más mian leat cur isteach ar cheann ar bith de na cúrsaí thuasluaite, is féidir labhairt leis an Eagraí áitiúil maidir le Litearthacht do Dhaoine Fásta nó logáil isteach ar https://www.fetchcourses.ie/

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar