Cuireann an tSeirbhís maidir le Litearthacht agus Oideachas Bunúsach don Duine Fásta ranganna do ghrúpaí agus teagasc aonair ar fáil, saor ó tháille agus faoi rún, do dhaoine fásta ar mian leo dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an léitheoireacht, an scríbhneoireacht, litriú, matamaitic nó bunscileanna ríomhaireachta.
Cuireann Seirbhís Litearthachta BOO Chiarraí cláracha éagsúla ar fáil lena n-áirítear litearthacht agus uimhearthacht, foghlaim teaghlaigh, Béarla do lucht labhartha na teanga (ESOL) agus oideachas bunúsach san ionad oibre. Cuireann an tseirbhís Dianteagasc in Oideachas Bunúsach don Duine Fásta (ITABE) ar fáil chomh maith faoinar féidir leis an bhfoghlaimeoir dianteagasc litearthachta agus uimhearthachta a thapú.
Tá cúigear Eagraithe maidir le Litearthacht don Duine Fásta i mbun na seirbhíse a chuirtear ar fáil in 8 gcinn d’ionaid ar fud an chontae, Trá Lí, Cill Airne, Lios Tuathail, Oileán Chiarraí, an Daingean, an Neidín, Cathair Saidhbhín agus Cill Orglan.
- Is féidir teastas ar leibhéal 1, 2, nó 3 a ghnóthú ó na cúrsaí ar fad a thairgtear
- Bíonn na ranganna saor ó tháille, faoi rún agus páirtaimseartha (dhá uair a chloig sa tseachtain)
- Bíonn ranganna ar siúl i rith an lae, tráthnóna agus ar líne
- Bíonn foghlaim cumaisc i.e. ar líne agus sa rang, i gceist le roinnt de na ranganna
- Foghlaim de réir an ráta foghlama sin agat féin i ngrúpa beag nó le teagasc aonair más gá
- Is féidir tosú ón leibhéal ag a bhfuil duine agus misneach a chothú.
Déantar cistíocht i gcomhar ó Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa a chur ar fáil maidir le Litearthacht agus Oideachas Bunúsach don Duine Fásta mar chuid den Chlár Ionfhostaitheachta, Ionchuimsitheachta agus Foghlama 2014 – 2020
Comhfhreagras
Más mian leat breis eolais a fháil mar gheall ar na cúrsaí i do cheantar féin, is féidir labhairt leis an Eagraí áitiúil maidir le Litearthacht do Dhaoine Fásta nó logáil isteach ar www.fetchcourses.ie go bhfeictear liosta na gcúrsaí atá ar fáil i do cheantar féin.
Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Uí Chonaill, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí V23 X235
Deirdre Fitzgerald
Ríomh Phost: Killorglinabe@staff.kerryetb.ie
Guthán: 086 046 0506
Phone: 066 9473166
Community Centre, R577, Killegane, Co. Kerry V92 W525
Mary Barrett Swaine
Ríomh Phost: listowelabe@staff.kerryetb.ie
Guthán: 086 7969627
Ionad Breisoideachais agus Oiliúna an Daingin Tigh na Ríseach, Sráid an nGabhar, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí V92 F952
Ríomh Phost: evelyn.long@staff.kerryetb.ie
Guthán: 066 9152361
Ionad Breisoideachais agus Oiliúna an Neidín, Ardán an Chloig, Neidín, Co. Chiarraí V93 K5CV
Maggie O’Sullivan Graham
Ríomh Phost: kenmareabe@staff.kerryetb.ie
Guthán: 086 8279248
Phone: 064 6642728
37 an tSráid Ard, Cill Airne, Co. Chiarraí V93 NTC0
Mary Concannon
Ríomh Phost: killarneyabe@staff.kerryetb.ie
Guthán: 064 6636990
Mobile: 086 7969625
The Lodge, Sráid an Mhargaidh, Cill Orglan, Co. Chiarraí V93 AY09
Deirdre Fitzgerald
Ríomh Phost: killorglinabe@staff.kerretb.ie
Guthán: 066 9790765
The Butler Centre, 12 An Chearnóg, Lios Tuathail, Co. Chiarraí V31 ET9
Mary Barrett Swaine
Ríomh Phost: listowelabe@staff.kerryetb.ie
Guthán: 086 7969627
Phone: 068 23866
Coláiste Chiarraí, Campas Mhóin an Bhaile, Trá Lí, Móin an Bhaile, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 PW50
Maeve Tuohy
Ríomh Phost: traleeabe@staff.kerryetb.ie
Guthán: 086 7969624
Phone: 086 7699624