Press "Enter" to skip to content
An Ghaeilge sa Soláthar Breisoideachais agus Oiliúna

An Ghaeilge sa Soláthar Breisoideachais agus Oiliúna

Bunaíodh an tIonad sa bhliain 2020.  Tá sé lonnaithe in Áras Bhréanainn i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.  Tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar cheann den dá cheantar Gaeltachta i gCo. Chiarraí go ndeineann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí freastal orthu.  Beifear ag díriú ar Chúrsaí Gaeilge & Oiliúna sa Ghaeilge, idir chúrsaí creidiúnaithe is neamhchreidiúnaithe, a fhorbairt is a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i gCorca Dhuibhne agus d’fhoghlaimeoirí araon.  Anuas air sin cuirfear réimse cúrsaí oidhreachta, ceardaíochta agus caitheamh aimsire ar fáil tre mheán na Gaeilge faoi Oideachas Pobail.  Cuid riachtanach na seirbhísí seo do Phlean Teanga Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí do na ceantair Ghaeltachta agus do Phlean Teanga Iarthar Chorca Dhuibhne (ag Tobar Dhuibhne) agus do sholáthar an Aosoideachais tré mheán na Gaeilge.

Tá failte roimh fhoghlaimeoirí fásta freastal ar Chúrsaí Gaeilge TEG agus tabhairt fé Scrúdú Cainte creidiúnaithe ón mBunleibhéal A1 go dtí C1 do mhic léinn atá líofa go maith. (TEG = Teastas Eorpach na Gaeilge).  Deineann cúrsaí neamhchreidiúnaithe eile iarracht ar scileanna labhartha agus scríofa na gcainteoirí Gaeilge a fheabhsú agus díríonn aird ar ghnéithe de shaol cultúrtha phobal Chorca Dhuibhne.

Cuirtear béim ar leith ar chúrsaí sa Stair Áitiúil, sa Litríocht, sa Bhéaloideas agus sa tSeandálaíocht mar gheall ar shaibhreas Gaeilge na dúthaí agus éagsúlacht ábhar, acmhainní, imeachtaí staire, litríochta agus láithreacha seandálaíochta Chorca Dhuibhne.

Cuirfear béim ar leith leis, chomh fada agus is féidir ar an inmharthanacht agus ar an mbithéagsúlacht sna siúilóidí agus sna cúrsaí caitheamh aimsire agus garraíodóireachta.

Ar na hionaid oideachais atá ar fáil sa cheantar tá Ionad Breisoideachais & Oiliúna an Daingin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Áras Bhréanainn Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh.

Cúrsaí páirtaimseartha iad na cúrsaí seo ar fad agus cuirtear ar fáil iad ag an am is fear a oireann dosna rannpháirtithe.

Cuir isteach ar chúrsa

Manager: Caitriona Ní Chatail

066 915 6100

[email protected]

Áras Bhréanainn Chorca Dhuibhne,

Baile an Fheirtéaraigh,

Trá Lí,

Co. Chiarraí.

066 9156100

Caitriona.nichathail@staff.kerryetb.ie

VIEW ON GOOGLE MAPS

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar